Clúdach ar an mBuiséad ar TG4 & TG4.ie

Cuirfidh TG4 clúdach cuimsitheach de Bhuiséad 2026 ar fáil Lá an Bhuiséid, an 7 Deireadh Fómhair 2025, ina gcuid cláracha nuachta agus cúrsaí reatha ar fad.

Cuirfear tús le clúdach beo teilifíse TG4 ag 2.30 pm leis an gclár speisialta uair an chloig Buiséad 2026, a bheidh á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola. Cuirfear an nuacht is déanaí as Dáil Éireann in iúl don lucht féachana chomh luath is a bheidh sí againn agus beidh polaiteoirí agus saineolaithe ag tabhairt a dtuairimí féin ar na mórphointí agus ag déanamh mionanailís orthu sa stiúideo.

Cuirfear léargas, comhthéacs agus anailís saineolaithe ar na bearta atá i mBuiséad 2026 ar fáil ag 7 pm ar Nuacht TG4, a bheidh á chur i láthair ag Siún Nic Gearailt. Beifear ag díriú go háirithe ar an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar an tsochaí i gcoitinne.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.