Cloch in Áit an Charnáin le seoladh ag Oireachtas na Samhna

Beidh an leabhar úr: Cloch in Áit an Charnáin, a thugann cruinnchuntas ar shaol is ar shaothar an bhailitheoir béaloidis Seán Ó hEochaidh, á sheoladh ag Éabhlóid in ICC Bhéal Feirste, Dé Sathairn, 1 Samhain.

Is é an scoláire agus an gníomhaí, an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, a scríobh an cuntas cuimsitheach seo ar shaol Sheáin Uí Eochaidh, cuntas atá ina léirmheas géarchúiseach ar oidhreacht an bailitheoir béaloidis ba bhisiúla a bhí in Éirinn sa chéad seo caite. Déanfaidh an tOllamh Fionntán de Brún an leabhar a sheoladh mar chuid de chlár Oireachtas na Samhna 2025, féile bhliantúil na Gaeilge a bheas ar siúl i mbliana ag ionaid éagsúla i lár chathair Bhéal Feirste.

Díríonn Cloch in Áit an Charnáin ar shaol is ar shaothar Sheáin Uí Eochaidh, an bailitheoir béaloidis iomráiteach as Tír Chonaill. D’fhostaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann Ó hEochaidh ina fhear óg agus fágadh de chúram air béaloideas an chontae a bhailiú agus a thaifeadadh sula gcaillfí é go deo. Ba mhór an chúraim é d’fhear amháin, ach thug Ó hEochaidh faoi le crógacht agus le dúthracht. Thaisteal sé fad is leithead an chontae ar feadh breis is caoga bliain, ag bailiú béaloidis, amhrán is scéalta ó mhuintir na háite – scéalaithe, amhránaithe, agus lucht traidisiúin.

Sa leabhar seo, caitheann an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, solas úr ar shaothar saoil Uí Eochaidh, ag baint úsáid as dialanna pearsanta Uí Eochaidh mar bhunús dá chuid taighde. Gheobhaidh an léitheoir léargas ar na dúshláin a bhí le sárú ag Ó hEochaidh ina ghairm, ar na carachtair iontacha ar bhuail sé leo, ar shaibhreas na teanga a bhailigh sé i gceantracha ar fud an chontae, agus ar an chomhthéacs chultúrtha a bhain le slí mhaireachtála a bhí ag imeacht go gasta le teacht na nua-aoiseachta.

Is léitheoireacht riachtanach é an leabhar seo do scoláirí béaloidis, do lucht staire, do lucht na teanga, agus do dhaoine a bhfuil spéis acu i scéal maith atá curtha trasna go beo beithíoch.

Le linn féile an Oireachtais beidh Éabhlóid ag óstáil sraith imeachtaí leis na teidil is déanaí uathu a chur chun cinn. Ina measc, tá Sí – scéinséir drámatúil le Seán Ó Muireagáin as Béal Feirste; Dordéan – bailiúchán úr filíochta le Róise Ní Bhaoill; I Muinín na nDúl – bailiúchán haiku le Máire Dinny Wren as Tír Chonaill; agus Fá Bhruach an Chladaigh, foclóir speisialta téarmaíochta farraige atá curtha le chéile ag Cormac Mac Giolla Easpaig as Gaoth Dobhair.

“Tá sé chóir a bheith tríocha bliain ó bhí Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste go deireanach – in 1997. Cé go mbíonn lúcháir mhór orainn i gcónaí saothair úra a chur i láthair ag an Oireachtas, tá muid thar a bheith sásta i mbliana go mbeidh deis againn an oiread sin scríbhneoirí Ultacha a chur i láthair i gcathair ina bhfuil pobal chomh beo bríomhar Gaeilge ann – is mór an t-uchtach a thabhrann sé dúinn agus tá muid ag súil go mór leis an turas go Béal Feirste,” a dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir an chomhlachta Éabhlóid.

Seolfaidh an tOllamh Fionntán de Brún an leabhar Cloch in Áit an Charnáin ar an Leibhéal 2, ICC Bhéal Feirste, ag 2 i.n. agus tá fáilte roimh chách. 

Praghas sna siopaí: €24. Beidh an leabhar ar fáil sna siopaí leabhair gan mhoill.

Tuilleadh eolais le fáil ó: https://eabhloid.com/siopa/cloch/

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.