100 scoláireacht ar fáil arís i mbliana mar thoradh ar an éileamh agus an rath as cuimse a bhí ar an gclár in 2024
Ní hamháin go mbíonn imreoirí idirchontae ag cur a gcolainne faoi bhrú sna seisiúin traenála, ach anois tá cuid acu ag cur a n-inchinne i mbun oibre freisin — i dtreo na Gaeilge. Tá 100 imreoir idirchontae le páirt a ghlacadh i mbliana i gclár scoláireachta Gaelchultúr, tionscnamh atá á chur i bhfeidhm i gcomhar le CLG agus Cumann Imreoirí Gael.
Seoladh an clár den chéad uair anuraidh, le tacaíocht ón gCumann Camógaíochta agus ó Chumann Peile Gael na mBan, agus mheall sé glúin úr lúthchleasaithe atá ag iarraidh cur lena gcumas Gaeilge. I mbliana, tá an líon rannpháirtithe ag méadú arís, rud a léiríonn go bhfuil athbheochan bheag teanga ar siúl i measc réaltaí CLG.
Ní haon ionadh é sin, dar le taighde a rinne Gaelchultúr le Amárach Research. De réir an staidéir sin, dúirt beagnach dhá thrian de dhaoine fásta in Éirinn go bhfuil aiféala orthu nach bhfuil Gaeilge níos fearr acu, agus dúirt 74% gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcumas sa teanga. Chomh maith leis sin, d’aontaigh 73% de na freagróirí go bhfuil an Ghaeilge riachtanach d’fhéiniúlacht náisiúnta na tíre.
Tá na himreoirí ag freastal ar chúrsaí idirghníomhacha ar líne le Gaelchultúr, agus an sprioc acu muinín a chothú chun an Ghaeilge a úsáid sa saol laethúil, idir chluichí, agallaimh agus laethanta oiliúna.
Dar le hIarlaith Ó Broin, Uachtarán CLG, “léiríonn an chomhpháirtíocht seo an nasc domhain agus buan atá idir ár gcluichí agus ár dteanga náisiúnta. Is léir ón mhóréileamh ar an chlár anuraidh go bhfuil fíorspéis i measc ár n-imreoirí sa Ghaeilge. Spreagann ár n-imreoirí daoine de gach aois, agus tríd an teanga a chothú ar an bhealach seo, léiríonn siad nach cuid dár n-oidhreacht amháin í an Ghaeilge, ach fórsa beo i saol spóirt agus pobail na tíre”.
Tá Tom Parsons, Príomhfheidhmeannach Chumann Imreoirí Gael, den tuairim chéanna: “Tá áthas orainn tógáil ar an rath a bhí ar an scéim seo d’imreoirí anuraidh agus ar an éileamh as cuimse a bhí air. Léirigh sé an fonn láidir atá ag ár mbaill ár dteanga dhúchais a fhoghlaim nó a n-ábaltacht sa teanga a fheabhsú nó a threisiú. Is iontach an rud é gur féidir linn an deis céanna a thabhairt do níos mó imreoirí idirchontae i mbliana.”
Agus dar le Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir, níl ann ach tús: “‘Thaispeáin rath an chláir anuraidh go bhfuil éileamh láidir ann ar an nGaeilge i measc na n-imreoirí idirchontae. Ní ranganna amháin atá i gceist leis an scéim seo. Spreagtar féiniúlacht, cultúr agus muintearas ar bhonn náisiúnta. Trí chumhacht a thabhairt d’imreoirí an Ghaeilge a úsáid go muiníneach, táimid ag tacú le ról na teanga a threisiú i sochaí laethúil na hÉireann.”
Is léir mar sin go bhfuil an Ghaeilge ag imirt ról nua-aimseartha sa saol spóirt, ní hamháin mar theanga oifigiúil, ach mar ghuth beo a nascann pobal, cluiche agus cultúr.