Clann na nGael i réim arís agus an tríú craobh shóisearach i gContae na Mí bainte acu

Craobh pheile shóisearach na Mí

Clann na nGael 0-17
Naomh Uinseann 1-12

Cóilín Duffy

Bhí an-lúcháir le brath ar mhuintir Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Átha Buí an deireadh seachtaine seo caite, agus Clann na nGael tar éis craobh pheile shóisearach na Mí a bhaint den tríú huair ina stair, an chéad uair ó 2019. I gcluiche drámatúil i bPáirc Tailteann, chloígh siad Naomh Uinseann de dhá chúilín, tar éis taispeantas croíúil ó fhoireann Néill Mhic Lochlainn.

Bhí an dá fhoireann ar comhscór agus cúig nóiméad fágtha, rud a d’fhág go raibh an chuma air go mbeadh athimirt ann. Ach ansin tháinig Tomás Ó Dúghaill chun cinn mar laoch na huaire,ag scóráil dhá chúilín ollmhór sa 56ú nóiméad, rud a spreag racht áthais i measc lucht tacaíochta Chlann na nGael. D’fhreagair Paddy Arnold d’fhoireann Phóil Mhic Mhánais le cúilín, ach d’aimsigh Ben Corkery cúilín eile ó chic saor agus dheimhnigh sin gur leo Corn Pheadair Mhic Diarmada.

Ba iad Clann na nGael a thosaigh níos laidre. Bhí seilbh iomlán acu ar an liathróid sa chéad cheathrú agus d’oscail Tomás Ó Dúghaill an scórail le cúilín cruinn sular lean Eoin Kelliher, Pól Tuite, Seán Óg Ó Tiarnáin agus Darragh Swaine lena scóranna féin. Tar éis fiche nóiméad bhí Clann na nGael chun tosaigh 0-5 go 0-0 agus cuma chompordach orthu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.