Clann na nGael ag súil le bua i gcraobh shóisearach na Mí

Foireann Ráth Chairn ag iarraidh bonn eile a chur lena mbailiúchán tar éis Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan ar a dtailte dúchais i mbliana

Cóilín Duffy

Beidh Clann na nGael ar ais ar Pháirc Tailteann, an Uaimh, Dé Sathairn ar 2 pm beo ar Clubber TV, agus sprioc amháin acu, craobh shóisearach pheile na Mí a thabhairt leo go Ráth Chairn.

Is é seo an dara huair taobh istigh de trí bliana atá siad tagtha chomh fada leis an gcluiche ceannais, agus beidh siad ag tabhairt aghaidh ar Naomh Uinseann as Ard Cartha agus Cluain Ailbhe, foireann a chaill an cluiche ceannais anuraidh, i gcluiche a mbeidh dianiomaíocht ann idir dhá fhoireann atá ag iarraidh dul chun cinn go dtí an grád idirmheánach.

Bliain thar a bheith rathúil a bhí ag Clann na nGael cheana féin. Níos luaithe i mbliana bhuaigh siad craobh shóisearach Chomórtas Peile na Gaeltachta ar a dtailte féin i Ráth Chairn, bua a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an gclub agus ar an bpobal Gaeltachta ar fad. Ina theannta sin, d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach go roinn a dó sa tsraith, rud a thug bonn láidir dóibh agus iad ag dul isteach sa chluiche ceannais seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.