Céim stairiúil don Ghaeilge ag Gradaim Leabhar na Bliana

Sadhbh Devlin ag briseadh bacanna le ‘An Fia sa Choill’

Cóilín Duffy

Sadhbh Devlin, údar An Fia sa Choill.
Grianghraf: Patrick Bolger

Tá stair déanta ag an nGaeilge ag Gradaim Leabhar na Bliana An Post, agus leabhar Gaeilge do pháistí, An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin, ainmnithe ar ghearrliosta Leabhar Páistí na Bliana (do shóisir) den chéad uair riamh ó bunaíodh na gradaim scór bliain ó shin. Is céim mhór chun tosaigh í seo don litríocht Ghaeilge, rud a chuireann i gcuimhne an borradh atá faoi fhoilsitheoireacht Ghaeilge do dhaoine óga.

Foilsithe ag Futa Fata agus maisithe ag Anastasia Melnykova, a tháinig go hÉirinn óna tír dhúchais, an Úcráin, ag tús an chogaidh, léiríonn an leabhar cumasc álainn idir traidisiún Gaelach agus ealaín nua-aimseartha. Baineadh stangadh as an mbeirt chruthaitheoirí nuair a fógraíodh an gearrliosta in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, áit ar ceiliúradh scór bliain de Ghradaim Leabhar na Bliana.

Ag labhairt le An Páipéar, dúirt Sadhbh Devlin gur brionglóid íorónta a tháinig fíor di. Dúir sí, “Tá seo ollmhór domsa. Chuile bhliain bím ag breathnú ar an ngearrliosta agus bím ar bís do mo chairde, ach bíonn díomá orm nach mbíonn leabhar Gaeilge ann do pháistí. Níor cheap mé go mbeinn ann féin riamh, mar sin tháinigh sé seo aniar aduaidh orm i mbliana.”

Mhínigh sí go bhfuil sí féin agus Anastasia “ar mhuin na muice” leis an aitheantas. Dúirt sí, “Ní chreidimid é fós. Is é seo an chéad uair iomlán atá maisithe ag Anastasia. Bhí sí bainteach le clúdaigh roimhe seo, ach is í seo an chéad leabhar iomlán dá cuid féin. Tá sí thar a bheith buíoch as an bhfáilte a fuair sí in Éirinn agus as an deis a bheith mar chuid den scéal seo.”

Tá an t-aitheantas seo ag teacht le méadú suntasach ar iarratais Ghaeilge do chatagóirí leabhar don aos óg, a d’ardaigh os cionn 6% i mbliana, comhartha soiléir den tacaíocht atá ag fás don teanga i measc foilsitheoirí agus léitheoirí óga.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur “céim staire é seo don Ghaeilge,” ag cur béim ar an bhfíric go bhfuil leabhar Gaeilge anois san iomaíocht lasmuigh den chatagóir Ghaeilge féin.

Dúirt sé, “Tá leabhar Gaeilge den scoth ainmnithe i gcatagóir a bhí luaite le leabhair Bhéarla amháin go traidisiúnta. Tréaslaím le Sadhbh agus Futa Fata. Léiríonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh, ar chomhchéim le litríocht Bhéarla in Éirinn.”

Bhí ríméad ar Thadhg Mac Dhonnagáin, foilsitheoir Futa Fata, leis an aitheantas, ag cur síos ar An Fia sa Choill mar “leagan úr ar sheanscéal Gaelach, á thabhairt beo ag stíl ealaíonta uathúil ó thír eile.”

Maidir le Sadhbh Devlin féin, is é an bhrí atá léi ná rud níos mó ná bua pearsanta:

“Tá súil agam go n-oscailfidh sé seo an doras do níos mó leabhair Ghaeilge do pháistí, agus nach mbeidh muid á gcur i mboscaí. Tá muid i lár an Aonaigh anois – ar chomhchéim leis na leabhair Bhéarla. Sin an bua domsa cheana féin.”

Chomh maith le An Fia sa Choill, léiríonn gearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge i mbliana an éagsúlacht agus an cumas atá le sonrú i scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge. Tá ceithre leabhar ficsin Gaeilge san iomaíocht don ghradam seo, atá á reáchtáil ag Lorg Media le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, institiúid atá tar éis ról lárnach a imirt i gcur chun cinn na leabhar Gaeilge ó bunaíodh an chatagóir in 2018.

Ar an ngearrliosta tá An Bhlaosc sa mBois le Micheál Ó Conghaile, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, úrscéal cumhachtach a thugann aghaidh ar scannail árais na máithreacha agus leanaí agus ar an bhfírinne dorcha atá fós á nochtadh. Le Bódléar le Darach Ó Scolaí tugtar léargas ar shaol file i mbaile beag ar chósta an iarthair, áit a mbuaileann greann agus tragóid le chéile i dtráchtas géar ar fhilíocht agus ar fhírinne.

Fiche le Colm Ó Ceallacháin (Leabhar Breac) ag tarraingt moladh as an léargas daonna a thugann sé ar ghrá agus ar chailliúint i gCorcaigh na 1960í, agus é ag ceangal scéalta pearsanta le himeachtaí sóisialta agus polaitiúla na linne. Cuireann Scéalta Nollag le Alan Titley, foilsithe ag LeabhairCOMHAR, bailiúchán gearrscéalta i láthair atá lán de ghreann, spioradáltacht agus léiriú cruthaitheach ar thraidisiúin na Nollag, idir scéalta inspioráideacha agus léirmhínithe nua ar théamaí bíobalta agus comhaimseartha.

Léiríonn an gearrliosta seo, i dteannta le rath An Fia sa Choill, go bhfuil litríocht Ghaeilge don pháiste agus don duine fásta araon ag bláthú, ag seasamh le bród i measc na saothar Béarla is cumhachtaí ar ardán náisiúnta. Tá sé mar chruthúnas go bhfuil an Ghaeilge, mar theanga chruthaitheach agus liteartha, ag glacadh a háit arís i gcroílár chultúr léitheoireachta na hÉireann.

Tá an vótáil phoiblí oscailte anois ag www.anpostirishbookawards.ie agus fógrófar na buaiteoirí ag ócáid mhór An Post Irish Book Awards san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath ar an 27 Samhain 2025.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.