Grúpa oibre teicniúil nua bunaithe faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
Tharla céim shuntasach eile i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach Dé Céadaoin seo caite, le hoscailt oifigiúil an chéad chruinnithe den Ghrúpa Oibre Teicniúil faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Rinne an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, an oscailt i mBaile Átha Cliath, áit ar bhuail sé leis na hionadaithe ón earnáil phoiblí a bheidh i gceannas ar an ngrúpa.
Beidh ról lárnach ag an ngrúpa nua i neadú na Gaeilge i gcórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus i bhforbairtí digiteacha ar fud na hearnála poiblí sna blianta atá le teacht. Áirítear ar a chuid dualgas a chinntiú go mbeidh córais ríomhaireachta in ann ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a aithint go cruinn, agus go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite i gcroílár an phróisis forbartha ó thús.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil clár oibre “uaillmhianach ach riachtanach” rompu: