Seachtar laoch ó Chill Dara ar fhoireann na bliana i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus ceathrar ó Ros Comáin i measc rogha Churadh 15.
Ba bhliain mhór í 2025 do chluichí iománaíochta na tíre, agus deimhníodh sin leis na foirne a roghnaíodh le déanaí do ghradaim fhoireann na bliana i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus do rogha Churadh 15. Is iad Cill Dara príomhscéal na bliana, foireann a rinne éacht lena gcéad bhua riamh i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha, agus anois tá seachtar imreoirí dá gcuid ainmnithe ar fhoireann na bliana, leiriú ar thréimhse órga don iomáint sa chontae. Bhí a mbua i bPáirc an Chrócaigh in aghaidh Laoise ina bhua stairiúil, tar éis dóibh Corn Chríostóra Uí Rinn a thógáil an bhliain roimhe sin, agus anois beidh siad ag imirt i gCraobh Laighean 2026.
Bhí Cill Dara gan sárú ar feadh na bliana, agus tá ionadaíocht láidir acu ar an bhfoireann le seachtar iománaithe, lena n-áirítear na deartháireacha Rian agus Cian Boran, a bhí i gcroílár na cosanta, Simon Leacy sa chúinne, James Burke agus Cathal McCabe i lár na páirce, agus an lántosaí cumhachtach David Qualter, an scórálaí is fearr sa chomórtas, agus Jack Sheridan a scóráil 1-4 i gcluiche ceannais na bliana. Tá cúigear ag Laois ar an bhfoireann, lena n-áirítear an cúl báire Cathal Dunne, a rinne sábhálacha dochreidte sa chluiche ceannais, agus a chomhghleacaithe Pádraig Delaney, Diarmaid Conway, Paddy Purcell agus Tomás Keyes. Cuireann triúr ó Cheatharlach leis an rogha, Paul Doyle, Martin Kavanagh agus Chris Nolan, an bheirt dheireanacha acu i measc na scórálaithe is mó i stair an chomórtais.
Dúirt Uachtarán CLG, Jarlath Burns, gur léiriú iad na gradaim seo ar chaighdeán eisceachtúil an chomórtais. “Ní imrímid cluichí foirne ar son onóir pearsanta,” a dúirt sé, “ach tugann na gradaim seo deis dúinn na himreoirí is fearr a aithint mar ambasadóirí fíora do na cluichí Gaelacha.” Luaigh Tom Parsons, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann Imreoirí Gael, go raibh sé “ina bhliain stairiúil do Chill Dara” agus gur teist é an seachtar ar fhoireann na bliana ar an obair atá déanta acu le 18 mí anuas.
Idir an dá linn, tá ionadaíocht ag seacht gcontae i measc rogha Churadh 15, a thugann aitheantas do na himreoirí is fearr ó chomórtais Chríostóra Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair. Is iad buaiteoirí Chorn Niocláis Mhic Riocaird, Ros Comáin, a bhfuil ceathrar imreoirí acu ar an bhfoireann, an contae is fearr ionadaithe. I measc imreoirí Ros Comáin tá an cúl báire iontaofa Enda Lawless, chomh maith le Mark Ward, Conor Cosgrove agus Sean Canning, an té a scóráil 1-2 i gcluiche ceannais Chorn Mhic Riocaird.
Tá ionadaíocht láidir freisin ag Londain, buaiteoirí Chorn Chríostóra Uí Rinn, le Conor Byrne, Enda Egan agus Seán Glynn ar an bhfoireann. Ó Mhaigh Eo, tá triúr roghnaithe, Oisín Greally, Daniel Huane agus Liam Lavin, agus léirigh siad go léir an t-ardchaighdeán a bhí ag an bhfoireann in 2025. Bhí Doire go mór in iomaíocht chomh maith agus aitheantas faighte ag Ruairí Ó Mianáin agus Eamon Conway, agus tá aitheantas bainte amach ag David Mangan (Nua-Eabhrac), Liam O’Brien (an Cabhán) agus Pádraig Doyle (Cill Mhantáin) as a n-éachtaí chomh maith.
Dúirt Jarlath Burns gur “aitheantas tuillte” a bhí anseo do na himreoirí a sheas amach sna comórtais éagsúla, agus mhol Tom Parsons an comhoibriú idir na himreoirí agus na painéil roghnaithe. “Léiríonn Curadh 15 fíorbhuanna ár gcluichí: feabhas aonair, díograis agus meas ar an bhfoireann,” a dúirt sé.
Bronnfar gradaim fhoireann na bliana i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonnacha agus Curadh 15 ag ócáid í i bPáirc an Chrócaigh anocht, Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair, a chraolfar beo ar chainéal YouTube CLG ag 7 pm, nuair a bhronnfar na gradaim freisin ar fhoireann na bliana i gCorn Tailteann.
Foireann na bliana i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025:
- Cathal Dunne (Laois)
- Paul Doyle (Ceatharlach)
- Rian Boran (Cill Dara)
- Simon Leacy (Cill Dara)
- Pádraig Delaney (Laois)
- Cian Boran (Cill Dara)
- Diarmaid Conway (Laois)
- James Burke (Cill Dara)
- Cathal McCabe (Cill Dara)
- Paddy Purcell (Laois)
- Tomás Keyes (Laois)
- David Qualter (Cill Dara)
- Martin Kavanagh (Ceatharlach)
- Jack Sheridan (Cill Dara)
- Chris Nolan (Ceatharlach)
Foireann Churadh 15 na Bliana 2025:
- Enda Lawless (Ros Comáin)
- Mark Ward (Ros Comáin)
- Conor Byrne (Londain)
- Oisín Greally (Maigh Eo)
- Enda Egan (Londain)
- Conor Cosgrove (Ros Comáin)
- Ruairí Ó Mianáin (Doire)
- Daniel Huane (Maigh Eo)
- Eamon Conway (Doire)
- Liam O’Brien (an Cabhán)
- Sean Glynn (Londain)
- David Mangan (Nua-Eabhrac)
- Sean Canning (Ros Comáin)
- Pádraig Doyle (Cill Mhantáin)
- Liam Lavin (Maigh Eo)