Ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód don Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mbliana
Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 oíche Dé Ceadaoin ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, atá ag ceiliúradh fiche bliain de chraoladh, léiriú agus forbairt chruthaitheach i mbliana.
Bronntar an gradam mór le rá seo ar dhuine nó ar eagraíocht a dhéanann saothar eisceachtúil ar son earnáil na meán cumarsáide Gaeilge. Le fiche bliain anuas, tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge tar éis tacú le breis agus 60 uair an chloig d’ábhar físe Gaeilge gach bliain, ag cur deiseanna oibre agus oiliúna ar fáil do chraoltóirí agus do léiritheoirí ar fud na tíre. Tá an t-ábhar a mhaoiníonn siad le feiceáil ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4, RTÉ agus ar ardáin dhigiteacha eile, rud a léiríonn an comhpháirtíocht thábhachtach atá forbartha idir na meáin ó thuaidh agus ó dheas.