Dea-scéal don eite chlé is ea an phobalbhreith a foilsíodh in The Irish Times an tseachtain seo. Léirítear go bhfuil tacaíocht 35% den lucht vótála ag Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile, ach 43% ag na páirtithe clé a tháinig le chéile le tacú le Catherine Connolly mar uachtarán, is é sin Sinn Féin, 27%, Páirtí an Lucht Oibre 6%, na Daonlathaithe Sóisialta 5%, na Glasaigh 3% agus Pobal seachas Brabús 2%).
Cinnte tá 17% ag neamhspleáigh ar, den chuid is mó, cuid den tseanpholaitíocht iad, agus a bhfoinsí i bhFianna Fáil nó i bhFine Gael.
Beidh cath deacair le troid ag an eite chlé le bua a fháil i dtoghcháin dála. Ach tá an eite chlé ag dul sa treo cheart.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!