
Grianghraf: Wikipedia
Toghadh bean den chéad uair mar phríomh-aire na Seapáine. Sanae Takaichi is ainm di, atá 64 bliain d’aois. Is coimeádach í agus í an-bháúil le Margaret Thatcher, iar-phríomhaire na Ríochta Aontaithe ó 1979 go 1990. Tagann sí i gcumhacht ag am a bhfuil muintir na tíre sin ag streachailt le costas maireachtála ag dul in airde agus muinín an phobail sa chóras polaitíochta ag dul i léig, maraon le tíortha eile de chomhghuaillíocht an iarthair.
In ainneoin gurb í an tSeapáin an ceathrú geilleagar is mó ar domhan de réir fhormhór na dtomhas den chineál seo, táthar ag streachailt le fadhbanna eacnamaíochta le fada an lá agus tá cúrsaí tar éis éirí níos géire le blianta beaga anuas. Maraon le heaspa muiníne an phobail, tá géarchéim pholaitiúil sa tír seo chomh maith. Is í Takaichi an ceathrú príomh-aire laistigh de chúig bliana, rud a léiríonn géarchéim pholaitiúil leanúnach.
Maidir le cúrsaí reatha an domhain, meastar gur náisiúnach í, tuairim a chlaonann ar dheis sa tír sin. Feictear í mar sheabhac i dtaobh caidreamh idirnáisiúnta leis an tSín agus tá an Chóiré Theas in amhras fúithi de bhrí gur dalta coimirce í le Shinzo Abe, iar-phíomhaire a feallmharaíodh trí bliana ó shin, polaiteoir nár thaitin leis na Cóiréigh. Deirtear go bhfuil sí báúil le Trump agus tá cruinniú socraithe eatarthu don tseachtain seo chugainn.
Is ceannaire í ar an bPáirtí Daonlathach Liobrálach, an páirtí cumhachta sa tír ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Ní raibh aon athrú rialtais ón am sin i leith, cé gur gá dóibh brath ar pháirtithe eile ar dheis nó ar an eite dheas i bhfad amach chun rialtas a chruthú. Seachas go bhfuil sí coimeádach, náisiúnach, frith-Shíneach agus báúil le Trump agus le Meiriceá go hidirnáisiúnta, tacaíonn sí le breis caiteachais ar chursaí míleata agus ciorruithe ar sheirbhísi poiblí. Seasann sí in éadan ghluaiseacht na mban a éilíonn an ceart do mhná pósta a sloinnte réamhphósta a choimeád. Tá sí i gcoinne pósadh comhghnéis agus seasann sí le luachanna traidisiúnta i gcoitinne. Níl ach beirt bhan eile roghnaithe aici don rialtas. Tugtar an leasainm “an bhean iarainn” uirthi, cosúil lena laoch Margaret Thatcher. Rachaidh sí agus a páirtí os comhair an phobail d’olltoghchán fógartha do 2028.