Baol cogaidh le Veiniséala ag dul i méad

Eoin Ó Murchú

Dar leis The New York Times tá Donald Trump ag cur go mór le brú míleata ó na Stáit Aontaithe ar rialtas Nicolás Maduro, uachtarán Veiniséala, le taispeántas drámatúil de bhagairtí aeracha le cúpla lá anuas agus an Pentagon ag bailiú raon fórsaí armtha sa réigiún.

Go deimhin tá teannas ann ar fud na Cairibe de réir mar a mhéadaíonn Stáit Aontaithe Mheiriceá na bagairtí míleata. Faoi leithscéal bréagach go bhfuil “cogadh ar dhrugaí” ar siúl acu, tá Stáit Aontaithe Mheiriceá ag cur plean idirghabhála míleata i Veiniséala i bhfeidhm go gníomhach.

Tá SAM ag léiriú cumhachta ar bhealach a ndearna institiúidí dlí agus ceannairí réigiúnacha cáineadh air mar bhagairt thromchúiseach ar ord idirnáisiúnta. Ní ionsaithe ar 416mhaithe le dlí a chur i bhfeidhm atá ar siúl, deirtear, ach diúltú don dlí agus athbheochan nuachoilíneach ar Dhúnghaois Monroe chun smacht a fháil ar na cúlchistí ola is mó ar domhan.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.