Ar an mbus le Catherine Connolly: Emma O’Grady agus an t-uachtarán

Jenna Goulding

Bhí agóidí in Aerfort na Sionainne níos luaithe i mbliana mar gheall ar fhórsaí mhíleata na Stát Aontaithe a bheith ag úsáid aerspás na hÉireann. Tá Emma O’Grady ar dhuine de na hagóideoirí a gabhadh i mí na Bealtaine.

Bhí Emma ag dul go bainis a col ceathrair i Nua-Eabhrac i mí Lúnasa, nuair a coimeádadh í ar trí uair an chloig in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus diúltaíodh cead dul isteach sna Stáit Aontaithe di.

Bhí a fhios aici go raibh riosca ann nach mbeadh sí in ann dul isteach mar ní raibh a coinníollacha bannaí maolaithe ach cúpla seachtain roimhe sin agus fuair sí cead rochtain a fháil ar a pas. Nuair a scanadh a pas thosaigh an t-oifigeach ag brú cnaipe faoin deasc go práinneach.

Chaith sí trí uair an chloig faoi choinneáil i réamh-imréiteach Stáit Aontaithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Cuireadh ceist uirthi faoina tacaíocht don Phalaistín. Tógadh a méarlorg agus a guthán. Dúradh léi nach raibh cead aici dul isteach sna Stáit Aontaithe deich nóiméad roimh a heitilt “mar gheall ar chineál na gcúiseamh atá ina coinne agus an triail a bhí ar na bacáin”.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.