Trí ealaíontóir déag roghnaithe don chéad bhabhta den tionscadal ceannródaíoch
Is caibidil úrnua í i scéal na hamharclannaíochta Gaeilge. Sheol an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, a clár forbartha ealaíontóirí nua, Taibhsín, le déanaí, tionscnamh atá dírithe ar ealaíontóirí agus ar amharclannóirí atá ag obair trí mheán na Gaeilge a chothú, a spreagadh agus a threorú i dtreo na chéad chéime eile dá ngairm chruthaitheach.
Bhain spéis as cuimse leis an tionscnamh, agus tháinig 58 iarratas isteach ó gach cearn den tír – agus ó thíortha eile chomh maith – rud a léiríonn borradh suntasach san earnáil amharclannaíochta Gaeilge. Tar éis próiseas roghnúcháin críochnúil a raibh painéal saineolaithe páirteach ann, roghnaíodh trí ealaíontóir déag, líon a sháraigh go mór na hionchais tosaigh, rud a léiríonn tiomantas na Taibhdheirce i leith tallainne nua a chur chun cinn.
Is iad ealaíontóirí cónaithe Taibhsín 2025: Ciara Ní É, scríbhneoir agus taibhfhile, Brídín Nic Dhonncha, drámadóir, Máiread Folan, drámadóir agus amharclannóir, Eoin Ó Dubhghaill, aisteoir agus drámadóir, Colm Ó Foghlú, stiúrthóir agus ealaíontóir ildisciplíneach
I measc na bhfaighteoirí sparánachta síl tá: Seán Mac Dhonnagáin, Amano Miura, Louisa Ní Éideáin, Seoirsín Bashford, Clíodhna Noonan, Ola Majekodunmi, Siobhán Ní Dhuinnín agus Nóra Ní Anluain Fay, meascán éagsúil de scríbhneoirí, damhsóirí, taibhfhilí agus ealaíontóirí ildisciplíneacha a léiríonn fairsinge na samhlaíochta i gcruthú comhaimseartha na Gaeilge.
Gheobhaidh na rannpháirtithe tacaíocht shaincheaptha a fhreastalaíonn ar a riachtanais chruthaitheacha féin, ó mheantóireacht le cleachtóirí aitheanta go ceardlanna forbartha, ó spás cleachtaidh i gcroílár na Taibhdheirce go dtí deiseanna a gcuid saothar nua a chur os comhair lucht féachana.
Léirigh Ciara Ní É, duine de na healaíontóirí cónaithe, an tábhacht a bhaineann leis an gclár dá cleachtas féin, “Is mór an luach atá agam ar an tacaíocht seo le dráma úrnua i nGaeilge a scríobh agus is údar mórtais dom a bheith bainteach leis An Taibhdhearc. Is minic obair aonair idir lámha agam is táim ag súil le bheith mar chuid de phobal na Taibhdheirce, idir fhoireann an tí agus na healaíontóirí cónaitheacha eile.”
Chuir Amano Miura, faighteoir sparánachta síl, béim ar chumhacht na hamharclainne mar spás cultúrtha, “Is é árdán na hamharclainne tearmann don fhocal labhartha, spiorad fuinniúil agus fíor-mhothú na lucht féachanna agus is iontach an rud é go bhfuil an Taibhdhearc ag tabhairt ama agus acmhainní do scríobhneoirí nuá ó dhisciplíní éagsúla i mbliana.”
Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce, gur spreag stair agus traidisiún na hamharclainne an tionscnamh seo, “Tagann an t-ainm Taibhsín ón spás amharclannaíochta turgnamhaí Gaeilge a bhí mar chuid den Taibhdhearc suite díreach trasna an bhóthair ón bpríomhamharclann sna 1970í. Tá an spiorad cruthaitheachta agus turgnamhach sin i ndiaidh inspioráid a thabhairt dúinn. Cuirfidh an clár spás sábháilte ar fáil don chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí agus amharclannóirí atá ag teacht chun cinn (agus iad siúd atá bunaithe) chun a gcuid scéalta a insint, déanfaidh sé iad a chothú agus déanfar ceiliúradh orthu tríd an gclár.”
Mar an chéad chlár forbartha dá leithéid atá tiomnaithe d’ealaíontóirí Gaeilge, seasann Taibhsín mar chéim mhór chun cinn don earnáil. Tá sé beartaithe go mbeidh tionchar buan aige ar shaol amharclannaíochta na Gaeilge, ní hamháin i nGaillimh, baile na Taibhdheirce, ach ar leibhéal náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta.
Trí Taibhsín, tá an Taibhdhearc ag cinntiú nach mbeidh guthanna nua Gaeilge ar imeall an aonaigh ach ag croílár na hamharclannaíochta comhaimseartha, ag spreagadh, ag nuachóiriú agus ag ceiliúradh teanga agus cultúir atá beo bríomhar ar an stáitse.