Amhrán na seachtaine: An bhfaca tú mo Shéamaisín?

An bhfaca tú mo Shéamaisín,
Mo bhuachaill óg, mo Shéamaisín,
An bhfaca tú mo Shéamaisín,
Is é dul siar an bóthar?

Níl bróg ar bith ar a dhá choisín,
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín.
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín.
Níl caipín air ná clóca.

Ag dul ar scoil tá Séamaisín,
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín.
Ag dul ar scoil tá Séamaisín,
‘S a leabharín buí sa phóca.

Ar a dhroim tá máilín beag,
Tá máilín beag, tá máilín beag.
Ar a dhroim tá máilín beag,
‘S a lóinsín ann is dócha.

Ó grá mo chroí mo Shéamaisín.
Mo stóirín óg, mo bhuachaillín.
Ó grá mo chroí mo Shéamaisín,
Ar maidin is tráthnóna.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.