Tháinig réaltaí, craoltóirí agus iriseoirí Gaeilge ó gach cearn den tír le chéile i Halla na Cathrach, Béal Feirste, Dé Céadaoin le haghaidh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025, oíche mhór cheiliúrtha don earnáil Gaeilge sna meáin. Bhí spiorad an phobail le brath i ngach aon chúinne, le ceol, gáire agus comhluadar a mhair i bhfad tar éis na ndámhachtainí féin a bheith bronnta.
Bhain Raidió Fáilte, stáisiún pobail na Gaeilge i mBéal Feirste, Gradam Speisialta an Oireachtais mar aitheantas ar 40 bliain de sheirbhís craoltóireachta don phobal Gaeilge sa chathair. Tugadh ómós don fhoireann atá i gcroílár an stáisiúin, ó na craoltóirí deonacha go dtí na bainisteoirí, as a ndúthracht i gcur chun cinn na Gaeilge trí na haerthonnta, agus os cionn 600 duine tá eis oiliúint a fháil sa staisiún thar na blianta.
Le linn na hoíche, bronnadh 15 ghradam ar fad ar scannáin, cláir, iriseoirí agus pearsana meán cumarsáide ó fud na tíre. Bhí atmaisféar bríomhar i measc na rannpháirtithe, le buíochas agus greann á roinnt ó ardán na dámhachtainí.