AiteachCuèir, irisín nua de chuid AerachAiteachGaelach

Stiofán Ó Briain

Comhghrúpa ealaíne do scríbhneoirí agus cruthaitheoirí LADTA+ a bhíonn ag saothrú trí Ghaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG). Is é an fhís atá ag AAG cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge. Tugann baill an ghrúpa aghaidh dhásachtach ar sheancheist Eoin Póil in úrscéal cáiliúil Mhichíl Uí Chonghaile, Sna Fir (1999), maidir le teirce na bpearsan aiteach i litríocht na Gaeilge. Ní go dtí le fíordhéanaí a d’fhéadfaí ár leithéidí féin a fheiceáil go follasach i gcumadóireacht ár dteanga féin.

Ní in Éirinn amháin atá an forás seo ag tarlú; tá borradh faoin scríbhneoireacht aiteach i nGaeilge na hAlban freisin. Tá na fréamhacha Gaelacha céanna á roinnt ag Gaeil an dá thír. Ba dhroichead í Sruth na Maoile tráth a cheangail Gaeltacht uile-Éireann le Gaeltacht na hAlban, agus bhí ardréim theanga, cultúr agus sibhialtacht chomónta acu. D’fhás an dá chraobh i dtreonna difriúla ach is den chrann agus den chineál céanna sinn; pobal teanga mionlaithe atá faoi bhagairt ag ollchumhacht an Bhéarla. Mar mhionlach laistigh den phobal mionlaithe, tá pabhar thar na bearta ag glór na nGael aiteach, in Éirinn agus in Albain. 

Chuige sin AiteachCuèir, an dara hirisín de chuid AerachAiteachGaelach, a chruinníonn le chéile filíocht agus gearrscéalta le hochtar scríbhneoirí LADTA+ atá ag saothrú i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban. Tarraingíonn na húdair san eagrán seo ar thobar domhain an traidisiúin agus tugann siad aghaidh ar théamaí iomadúla; an grá agus an ghruaim, cúrsaí caidrimh agus cumarsáide, an talamh, an teaghlach, an teanga, an dúil agus an drúis. 

Ó thaobh Ghaeilge na hÉireann de, tá saothair san eagrán seo ó Eoin Mc Evoy, drámadóir, comhbhunaitheoir agus stiúrthóir reatha AerachAiteachGaelach; Caitríona Ní Eireamhóin, iarléachtóir agus scríbhneoir gearrphróis; Ciara Ní É, file, scannánóir agus comhbhunaitheoir eile AAG; agus Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, file agus amhránaí ar an sean-nós.

Tá saothair ann i nGaeilge na hAlban le feiceáil ó Mia Suhaimi, file tras-inscneach ilteangach de bhunadh na Malaeisia; Marcas Mac an Tuairneir, bard agus amhránaí ainmniúil; Nathaniel Harrington, scoláire agus scríbhneoir ficsin eolaíochta agus fantaisíochta; agus Robbie MacLeòid, file aiteach a bhfuil dochtúireacht aige i litríocht mheán-aoiseach na Gaeilge.

Mar thionlacan leis na píosaí scríofa, faightear íomhánna uathúla a rinne baill AAG mar chuid de cheardlann chianachló a stiúir an grianghrafadóir Louis Haugh in Aibreán na bliana seo. Is é Conall Ó Duibhir a chuir an dearadh le chéile agus is mise, Stiofán Ó Briain, a bhí mar eagarthóir. Rinne Fañch Bihan-Gallig profáil ar na saothair i nGaeilge na hAlban.

Foilseofar AiteachCuèir i mí na Samhna 2025 agus seolfar an t-irisín mar chuid de mhóroíche scéalaíochta agus ealaíon AerachAiteachGaelach i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i mBaile Átha Cliath 1 Nollaig 2025. Beidh seoladh ann chomh maith i nGlaschú in 2026. 

Taispeánann AiteachCuèir an scríbhneoireacht aiteach Ghaelach ó gach aon taobh de Shruth na Maoile agus fógraíonn go neamhbhalbh, i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban, gurb ann dúinn – bhí muid ann riamh. 

Is a bhuí le maoiniú ó Scéim Colmcille agus Foras na Gaeilge a bhíothas in ann an t-eagrán seo den irisín a chur le chéile. Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi AerachAiteachGaelach ag aerachaiteachgaelach.net.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.