Déanann Ag Lorg Hy-Brasil machnamh ar oileán miotasach ársa ar chósta Chonamara agus ar an gcúis ar spreag sé taispeántas na hÉireann ag Architecture Biennale 2023 sa Veinéis.

Is dual do na hoileáin a bheith ina dtimpeallachtaí inbhuanaithe. Mar sin, agus muid inár náisiún oileánda ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, scriosadh na bithéagsúlachta agus an t-aistriú go dtí fuinneamh in-athnuaite, cuirfidh taithí shaoil an oileáin leis na bealaí inár féidir linn na huirlisí agus na scéalta riachtanacha a úsáid chun slite maireachtála níos inbhuanaithe a spreagadh.
Rinneadh scannánú ar Ag Lorg Hy-Brasil go príomha ar Inis Meáin agus sa Veinéis, agus déantar machnamh ann ar rithimí saoil an oileáin agus ar an dua a bhaineann le bheith i d’oileánach sa lá atá inniu ann. Féachann sé ar chultúr agus ar thraidisiúin, agus ar an gceangal atá eatarthu. Tugtar an caidreamh siombóiseach atá idir muintir an oileáin, an talamh agus an fharraige chun tosaigh, agus an chaoi a múnlaítear a slite maireachtála le hamhábhair.
Déantar machnamh ar na téamaí sin in Ag Lorg Hy-Brasil trí shaothair na n-ailtirí Peter Carroll, Mary Laheen, Peter Cody, Elizabeth Hatz, agus Joseph Mackey a léirigh an tuiscint atá acu féin ar shaol an oileáin i dtaispeántas na hÉireann 2023 ag an Architecture Biennale sa Veinéis. Ina dtaispeántas, rinne siad machnamh ar na bealaí ina bhféadfadh muid tarraingt ar an gceangal atá ag muintir an oileáin lena dtimpeallacht bhunúsach.
Ní hamháin go bhfuil ailtirí i measc na ndaoine a bhfuil baint acu leis an taispeántas, tá feirmeoirí, greanadóirí cloch, ealaíontóirí rópa agus táirgeoirí teicstíle i gceist chomh maith. Féachann an clár faisnéise ar na scileanna agus na comhpháirteanna seo ag teacht le chéile; go deimhin, taispeántar sa choincheap chomh glan agus chomh horgánach is atá an ailtireacht, go háirithe i bhfianaise shrianta an tírdhreacha sceirdiúil in Éirinn.
Déantar machnamh sa scannán ar ghéarghá saoil an oileáin, ag fiafraí cén chaoi a bhféadfadh daoine in áiteanna eile in Éirinn aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí shlí mhaireachtála níos inbhuanaithe a bheith acu agus trí bheith níos neamhspleáiche, mar atá muintir an oileáin. Ar deireadh, cuireann muid an cheist nach féidir a sheachaint: ‘Cá bhfuil Hy-Brasil go díreach? Agus cén tábhacht a bhaineann leis dúinn sa lá atá inniu ann?’
Ag Lorg Hy-Brasil, TG4, Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair 7.30 pm