Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an gcéad ghlúin eile iriseoirí Gaeilge

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh intéirní RTÉ chuig oifigí an Údaráis sna Forbacha: Bláithín Keena, Darren Gillespie, Ceannasaí Nuacht RTÉ Joe Reddington, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin, Ceannasaí Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Dhonnacha, Méin Nic Craith agus Ceannasaí RTÉ Learn Kevin Burns. 

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do chlár intéirneachta agus oiliúna RTÉ/Raidió na Gaeltachta don bhliain 2025. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo deiseanna praiticiúla a thabhairt do dhaoine óga ar spéis leo gairm sna meáin chumarsáide trí mheán na Gaeilge.

Thug clár na bliana seo caite torthaí den scoth, agus d’éirigh le rannpháirtithe poist bhuana a bhaint amach i Nuacht RTÉ agus TG4, san Irish Independent, mar chomhordaitheoirí nuachta le RTÉ agus i réimsí eile cosúil le podchraoltóireacht agus RTÉ Commercial.

I mbliana, tá triúr intéirní, Darren Gillespie, Bláithín Keena agus Méin Nic Craith, lonnaithe in RnaG, i Nuacht RTÉ TG4 agus i gCláracha Gaeilge i mBaile Átha Cliath. De réir na dtuairiscí tá siad ag dul ó neart go neart agus iad leathbhealach tríd an gclár.

Beidh rannpháirtithe ag caitheamh tréimhsí oibre i nDomhnach Broc, Casla, Baile na hAbhann agus sna Doirí Beaga, rud a thabharfaidh blaiseadh cuimsitheach dóibh ar réimsí éagsúla na meán: léiriú, raidió, teilifís, craoladh ar líne, teicníc agus riarachán. Tá an clár dírithe ar scileanna lárnacha a fhorbairt, ó iriseoireacht agus taighde go dtí eagarthóireacht, podchraoltóireacht agus láithreoireacht.

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, fáilte roimh na hintéirní i dteannta Ghearóid Mhic Dhonnacha, Ceannasaí RnaG, Kevin Burns, Ceannasaí RTÉ Learn, agus Joe Reddington, Ceannasaí Nuacht RTÉ, le linn cruinnithe i nGaoth Dobhair.

Dúirt urlabhraí an Údaráis, “Tá an comhpháirtíocht seo ag fás ó bhliain go bliain. Feicimid gur féidir le daoine óga barr feabhais a bhaint amach nuair a thugtar an deis cheart dóibh. Sin díreach an méid atá ag tarlú anseo, daoine óga ag tógáil a ngairme trí mheán a dteanga dhúchais.”

Táthar ag súil go gcuideoidh an tacaíocht leanúnach seo leis an gcéad ghlúin eile de ghairmithe cumarsáide Gaeilge a thabhairt chun cinn.



An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.