“Táimid ag feiceáil go bhfuil an teanga á húsáid níos mó sa saol laethúil, agus is rud é sin le ceiliúradh.”

Kate Ní Dhúbhlaoich
Feidhmeannach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge

Den chéad uair le breis agus deich mbliana beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag dul chun sráide i mbun agóid náisiúnta. Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair baileoidh na mílte ag Cearnóg Parnell do CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael.  

Tá an Ghaeilge faoi bhláth. Cloistear í níos mó ná riamh sa cheol comhaimseartha. Tá borradh tagtha faoi líon na ndaoine atá ag freastal ar ranganna Gaeilge. Ar na meáin shóisialta úsáidtear an Gaeilge le muinín agus le cruthaitheacht. Táimid ag feiceáil go bhfuil an teanga á húsáid níos mó sa saol laethúil, agus is rud é sin le ceiliúradh.

Ach, níl an uaillmhian chéanna don teanga á léiriú ag na rialtais thuaidh agus theas. Tá an ghéarchéim thithíochta ag scriosadh ár bpobail Ghaeltachta. Mura bhfuil an cumas ag daoine óga maireachtáil agus teaghlaigh a thógáil ina gceantair dhúchais, leanfaidh an Ghaeilge ag dul i léig mar theanga phobail. Níl ach 0.10% de bhuiséad an stáit ag dul chuig Roinn na Gaeltachta ó dheas, agus ní théann ach 0.024% de bhuiséad an stáit chuig an nGaeilge ó thuaidh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.