Scoileanna fágtha gan bhéilí

Eoin Ó Murchú

Fágadh roinnt bunscoileanna ar fud an stáit gan béilí teo an tseachtain seo caite mar gheall ar rialacha a bhaineann le ceisteanna faoi shlándáil an bhia agus inmharthanacht na seirbhíse in áiteanna éagsúla.

Faoi Scéim na mBéilí Scoile, a mhaoiníonn an Roinn Coimirce Sóisialaí, tá gach bunscoil incháilithe béilí teo a fháil. Mar sin féin, ní féidir le roinnt scoileanna na béilí a fháil mar gheall ar fhadhbanna soláthair.

De réir na rialacha caithfidh duine ón tseirbhís na béilí a théamh. Deir lucht na seirbhíse nach bhfuil na hacmhainní i roinnt scoileanna chun an bia a théamh, nó nach fiú ó thaobh costas de duine a fhostú chun an bia a théamh.

Ar na scoileanna a fágadh gan bhéilí bhí Gaelscoil na Camóige i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Ní raibh a fhios ag an scoil roimh ré nach mbeadh na béilí ag teacht agus bhí orthu glaoch ar thuismitheoirí lena bpáistí a bhailiú le rud éigin a thabhairt dóibh le hithe.

Tá an scoil dóchasach gur féidir leo an scéal a chur i gceart go luath, ach ta scoileanna eile faoin tuath atá róbheag le freastal orthu, dar le lucht na seirbhíse, toisc an ráta íoctha a bheith teoranta.

Tá na scoileanna ag feitheamh ar scéal ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Go dtí sin tá cuid acu ag moladh do thuismitheoirí béile nó ceapaire a thabhairt dá bpáistí le hithe ag am lóin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.