‘Puiteachaí’ agus fataí i lár an aonaigh ag Féile na bPuiteachaí Inis Meáin 

Is ar aos óg Inis Meáin a bhí an t-ádh ag Féile na bPuiteachaí in Oileáin Árann an tseachtain seo, agus mórchuid dhuaiseanna na féile séasúraí tugtha abhaile ag gasúir an oileáin. 

Tá an fhéile ainmnithe as an bhfocal ‘puiteachaí’ a úsáidtear in ionad ‘sméara dubha’ ar an oileán agus seo an ceathrú bliain go bhfuil sí á ceiliúradh in Inis Meáin. 

Baineann muintir na féile leas as na puiteachaí chun aird a tharraingt ar shaibhreas an dúlra agus ar an saibhreas teanga in Inis Meáin, le meascán mealltach d’ócáidí séasúracha, agus roinnt comórtas ina measc.

Ó thosaigh an fhéile thiar in 2022, cuirtear an-suim i gcomórtas bácála na féile, ina mbíonn dúshlán roimh na hiomaitheoirí milseog a bhácáil sa bhaile le puiteachaí mar phríomhábhar inti, agus a chur faoi bhráid an mholtóra sa halla pobail.

Breis agus 20 iontráil a bhí sa chomórtas i mbliana agus ba é Diarmuid Ó Mathúna ó POTA Café, a bhí mar mholtóir ar an gcomórtas.

“Bhronn mé marcanna don chuma a bhí ar an milseog, don oiriúnacht don ócáid, sin é go raibh puiteachaí lárnach ann, agus do chruthaitheacht”, arsa Ó Mathúna ag bronnadh na nduaiseanna. “Ach an rud ba thábhachtaí ar fad dar ndóigh ná an blas, agus bhí leath de na marcanna ar fad ag dul dó sin”. 

Ba mhór an t-iontas agus an t-aoibhneas d’Eleanor Marshall, nuair a glaodh a hainm siúd amach don chéad áit, agus don dearbhán One4All ar luach €100, agus í ar an duine ab óige a bhuaigh an comórtas riamh, gan 10 mbliana d’aois sáraithe aici fós.

Ba iad Elizabeth Murphy, múinteoir meánscoile in Inis Meáin, agus Catherine Sandoval, bean áitiúil a thug léi an bua anuraidh, a bhain an 3ú agus an 2ú háit amach faoi sceach. Is í an comhlacht áitiúil Cniotáil Inis Meáin a dhéanann urraíocht ar dhuaiseanna an Chomórtais Bhácála.

D’éirigh go seoigh le dream óg Inis Meáin i gcomórtas mór eile na féile chomh maith, Comórtas don Fhata is Mó. Ba é Ferdia Ó Coincheanainn, 7 mbliana d’aois, a thug leis an chraobh mhór, le fata a raibh 1086 gram meáchain ann. Ní raibh a dheirfiúr Caoilinn Ní Choincheanainn, 5 bliana d’aois, i bhfad ina dhiaidh siúd, agus fata 1065g aici sin a bhain an dara háit amach sa chomórtas atá urraithe ag Siopa Ruaidhrí Beag Inis Meáin. Cillín Ó Fatharta, 7 mbliana d’aois, a tháinig sa tríú háit agus fata 1023g aige. 

I mbliana an chéad bhliain gur ócáid dhá lá a bhí i bhFéile na bPuiteachaí, agus í á seoladh tráthnóna dé hAoine ar an Oíche Chultúir. Bhí Halla Naomh Eoin lán go béal don ócáid agus gasúir Scoil Náisiúnta Inis Meáin ag tabhairt faoin stáitse le An tAchrann sa nGarraí,  agallamh beirte nua leis an scríbhneoir Fearghas Mac Lochlainn a cuireadh in oiriúint don stáitse go speisialta don fhéile.

Chomh maith leis na comórtais agus leis an seoladh ar Oíche Chultúir, bhí margadh na féile, páircrith, ceardlann ealaíne le dúch puiteachaí, tóraíocht taisce, siúlóid dúlra agus ceardlann mhanglam puiteachaí i measc imeachtaí na féile, agus meastar go raibh breis is 100 duine i measc an lucht freastail ag an deireadh seachtaine.

“An sprioc is mó a bhíonn romhainn i gcónaí ná muintir an oileáin a thabhairt le chéile agus is cinnte gur éirigh linn é sin a dhéanamh arís i mbliana. Beidh muid go léir ag brionglóideach faoi na puiteachaí ar feadh i bhfad eile!” arsa Aedín Ní Thiarnaigh, duine de stiúrthóirí na féile. 

Dúirt Maureen Ní Choinceanainn, Oifigeach Pleanála Teanga Inis Meáin, “Ní hamháin go raibh na puiteachaí flúirseach, ach bhí na healaíona, an cheardaíocht, saibhreas teanga agus an pobal lárnach ag Féile na bPuiteachaí i mbliana freisin”. 

“Mar oileánach agus Oifigeach Pleanála Teanga, ba chúis bhróid dom mo ról a úsáid chun tacú leis an bhféile phobail seo. Bhí imeachtaí na hócáide agus spriocanna pleanála teanga taobh le taobh. Bhí an Ghaeilge le cloisteáil ag gach imeacht le linn an deireadh seachtaine agus bhí baill phobail ó óg go haosta páirteach.”

Bhí Féile na bPuiteachaí urraithe ag Pleanáil Teanga Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin, Siopa Ruaidhrí Beag, Aer Árann agus Aran Island Ferries. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.