Le linn cruinniú mullaigh de chuid Eagraíocht Chomhoibrithe Shanghai (Shanghai Cooperation Organisation (SCO) i mBéarla), eagraíocht idirnáisiúnta a chuimsíonn deich stát Eoráiseacha, leagadh síos rún cinniúnach cuid shuntasach den domhan a bheith lasmuigh de smacht an Iarthair chun tabhairt faoi chomhoibriú idirnáisiúnta idir shlándáil, polaitíocht agus gheilleagar in ainneoin fhreasúrachta na Stát Aontaithe agus a gcomhghuaillithe san Eoraip, Ceanada, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus eile.
Tháinig an eagraíocht seo le chéile den chéad uair in 2001 le sé bhall bunaidh: an Rúis, an tSín, an Chasachstáin, an Táidsíceastáin, an Chirgeastáin agus an Úisbéiceastáin. Tháinig coincheap na heagraíochta seo ar an saol sna 1990í chun déileáil le fadhbanna slándála san Áise, go háirithe os rud é go raibh an tsochaí in iarbhaill den Aontas Sóivéadach ina cíor thuathaill ag an am sin tar éis thitim an chórais chumannaigh, am ar tháinig méadú mór ar dhronganna coiriúlachta, drugaí agus sceimhlitheoireachta.
Ó shin tá sé leathnaithe amach go ceithre bhall sa bhreis: an India, an Phacastáin, an Iaráin agus an Bhealarúis, agus ina theannta sin cuimsítear 15 thír eile: Srí Lanca, an Tuirc, an Chambóid, an Asarbaiseáin, an Neipeal, an Airméin, an Éigipt, Catar, an Araib Shádach, Cuáit, Oileáin Mhaildíve, Maenmar, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, Bairéin agus Laos mar pháirtnéirí comhphléite. Tá stádas breathnóra ag an Afganastáin agus an Mhongóil.