Cathal Ó Murchú

Dé Sathairn seo chugainn ag a 1.30 an 20 Meán Fómhair beidh na Gaeil ag cruinniú i gCearnóg Parnell i lár Chathair Bhaile Átha Cliath chun mórshiúl a dhéanamh chuig Teach Laighean agus táthar ag súil go dtiocfaidh na deicheanna de mhílte amach. Ba é an uair dheireannach a bhí mórshiúl den chineál seo i mBaile Átha Cliath mí Feabhra 2014, bliain déag ó shin!  I Mí na Bealtaine 2022, eagraíodh Lá Dearg i mBéal Feirste tháinig breis is 20,000 amach ar na sráideanna.

Tá an mórshiúl á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Cearta agus an Dream Dearg ar mhaithe le cearta teanga a bhaint amach do lucht labhartha na Gaeilge, idir chainteoirí dúchais sa Ghaeltacht, cainteoirí líofa lasmuigh den Ghaeltacht, foghlaimeoirí na Gaeilge agus daltaí agus mic léinn sna Gaelscoileanna, sna Gaelcholáistí agus sna hollscoileanna, chomh maith le foghlaimeoirí fásta neamhspleácha agus daoine nach bhfuil Gaeilge acu ach a thacaíonn le cearta teanga.

Tá an agóid náisiúnta seo dírithe ar rialtais ó dheas agus ó thuaidh agus an easpa gnímh uathu i dtaobh na teanga agus na gealliúintí briste, go háirithe ón rialtas ó dheas. Mar shampla, sa deisceart tá teip iomlán ar an Straitéis 20 Bliain 2008-2028 a sheol an t-iarthaoiseach Brian Cowan, tá teip ar fhorfheidhiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá diúltú oifigiúil tacú le hobair an Choimisiúnéara Teanga, agus tá titim den chéad uair ar líon na ndaltaí ag freastal ar an nGaeloideachas.

Sa tuaisceart, tá easpa tacaíochta de shíor ann i maoiniú na nGaelscoileanna agus seirbhísí Gaeilge eile. Agus fós, in ainneoin gealtanais pholaitiúla ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, ó Rialtas na hÉireann agus ó Fheidhmeannas an tuaiscirt, níl Acht Teanga achtaithe nó curtha i bhfeidhm go fóill.

Is iad ceithre mhóréileamh na hagóide seo maoiniú, oideachas, cearta teanga agus tithíocht. I dtaobh an mhaoinithe de, tá na Gaeil ag lorg maoiniú cothrom agus cuí i seirbhísí do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge. Táthar ag lorg breis tacaíocht chuí don Ghaeloideachais, ni hamháin do na Gaelscoileanna atá ann cheana féin le go mbeidh áiseanna cuí acu, ach leathnú amach líon na scoileanna seo sa chaoi go bhfreastalóar ar éileamh ar Ghaeloideachas agus go mbeidh an rogha seo ar fáil do thuismitheoirí uile ar mian leo an rogha seo dá bpáistí.

Tá lucht na hagóide ag éileamh cearta teanga agus na reachtaíochta cuí le seo a dhaingniú agus a fhorfheidhmiú mar is ceart, rud nach ndearnadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Éileamh eile is ea tithíocht do phobal na Gaeltachta agus an bánú atá ar siúl sna ceantair Ghaeltachta i láthair na huaire a stad mar gheall ar chíosanna agus praghasanna tí ró-ard do mhuintir na n-áiteanna seo, na tithe ar AirBnB ina gcúis mhór leis seo. Gan pobal Gaeltachta, ní bheidh aon Ghaeltacht ann.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.