Níl ach ceithre seachtaine fágtha sa rás uachtaránachta, an toghchán uachtaránachta leis an líon is lú iarrthóirí ó 1990. San iomaíocht tá Jim Gavin (FF), Heather Humphries (FG) agus Catherine Connolly (neamhspleách). Tá an Comisiúin Toghcháin ag iarraidh ar dhaoine clárú chun a vóta a chaitheamh. Dár leo tá líon mór daoine nach bhfuil cláraithe. Dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta Art O’Leary go bhfuil breis is 60,000 daoine nua atá in ann clárú ó tharla an toghchán deireanach an bhliain seo chaite. Chuir sé in iúl gurb ionann do vóta agus do thuairim agus tá sé de ceart agat do thuairim a léiriú tríd an bhróiséas vótála agus nach bhfuil sé ceart ná cóir duine eile a bheith ag roghnú duit. “Ní thógfaidh sé ach trí nóiméad” a lean sé.
“Táimid ag rá le daoine óga agus an toghchán ag druidim linn gur cheart go mbeadh plean agat ar an lá. Más rud é nach mbeidh tú sa bhaile mar gheall ar do chuid oibre tá sé de cheart agat cur isteach le haghaidh vóta poist.” Dúirt sé chomh maith go bhfuil daoine le míchumas in ann cur isteach ar vóta poist a fháil. Is é an spriocdháta do chlárúcháin vóta poist an 29 Meán Fómhair agus is é an 7 Deireadh Fómhair an spriocdháta do clarúcháin chun vóta a chaitheamh. Beidh an vóta ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair agus déanfar na vótaí a chomhaireamh an lá ina dhiaidh.