Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

San alt seo foghlaimeoimid faoi chéad Uachtarán na hÉireann agus duine de na bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge.
Rugadh Dubhghlas de hÍde ar an gCaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin in 1860. Ba mhinistir de chuid Eaglais na hÉireann é a athair. Ó aois óg bhí an-suim aige sa Ghaeilge agus teangacha eile. Dúirt gur chuala sé Gaeilge den chéad uair i Ros Comáin á labhairt ag muintir na háite. Bhí Gaeilge fós á labhairt sa chontae an tráth sin. Fuair sé a chuid scolaíochta óna athair sa bhaile Tar éis dó an baile a fhágáil d’fhreastail sé ar Choláiste na Trinóide agus bhí sé i gceist aige a bheith ina mhinistir cosúil lena athair. D’oir an ollscoil dó agus bheartaigh sé a bheith ina scoláire. Chuaigh sé isteach i roinnt cumann sa choláiste. D’fhás a ghrá don Ghaeilge ag an am seo agus chuaigh se isteach i gCumann Buan-Chóimeadtha na Gaedhilge. Ba ag an am seo sin thosaigh sé ag scríobh ailt faoin ainm cleite An Craoibhín Aoibhinn. An saothar is mó tionchar a scríobh sé ba ea The Necessity for De-Anglicising Ireland.
In 1893 bhunaigh sé Conradh na Gaeilge. Bhí an-tionchar ag an gConradh i rith Athbheochan na Gaeilge agus san aois nua agus chuaigh go leor Poblachtánach isteach san eagraíocht chun Gaeilge a foghlaim agus chun daoine a earcú d’Óglaigh na hÉireann. Ní raibh mórán suime aige sa pholaitíocht agus tháinig frustrachas air leis an gConradh mar gheall ar seo. D’fhág sé Conradh na Gaeilge in 1915. D’fhill sé ar an saol acadúil. Toghadh é mar sheanadóir in 1925 agus in 1938 toghadh é ina uachtarán. Insealbhaíodh é mar chéad Uachtarán na hÉireann agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath nuair a thug sé mionn i nGaeilge. Tá an taifead a rinneadh air seo ar an mbeagán taifead dá bhfuil againn de Ghaeilge Ros Comáin.
B’uachtarán ciúin é mar gheall ar a shláinte, ach bhunaigh sé fasach mar cheann feadhna, agus lean na huachtaráin eile an sampla seo ina dhiadh. Bhí cónaí air i dteach réasúnta beag i bPáirc an Fhionnuisce tar éis dó Áras an Uachtaráin a fhágáil in 1945. Fuair sé bás in 1949.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cá háit ar rugadh Dubhghlas de hÍde?
- Scríobh dhá phíosa eolais faoina luathshaol.
- Cén ghairm a raibh spéis aige ar dtús inti agus é san ollscoil agus cén ghairm a phioc sé?
- Cén bhliain ar bunaíodh Conradh na Gaeilge?
- Cén fáth ar fhág sé Conradh na Gaeilge?
- Scríobh dhá phíosa eolais faoina uachtaránacht agus deireadh a shaoil.