Bhailigh na mílte in Saigon chun céilúradh a dhéanamh ar fhógairt an neamhspleachais ón Fhrainc ar an 2 Méan Fómhair 1945. Bhí paráid mhíleata ar siúl i Hanáí inar léiríodh trealamh míleata. Meastar gur ghlac 16,000 saighdúir páirt sa pharáid. Bhí eitleáin troda, héileacaptair, tancanna, agus diúracáin ar taispeáint acu.
D’éirigh leis an tír neamhspleachas a bhaint amach ón bhFrainc tar éis cath suntasach a throid ag Dien Bien Phu in 1954. Tar éis an chogaidh roinneadh an tír in dhá leath, tuaisceart agus deisceart. Bhí orthu troid fhada eile a dhéanamh chun neamhspleachas iomlán a fháil ó Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1975 tar éis 20 bliain de chogadh.
Bhí saighúirí ón Rúis, an tSín, agus an dá stat chummanacha in aice le Vítneam, an Chambóid agus Laos, i láthair ag an bparáid chomh maith. Labhair Ard-Rúnaí an Pháirtí Chummanaigh, To Lam, ag an ócáid agus thug sé ómós do na saighdiúirí a rinne go leor íobairtí i rith an chogaidh. Dúirt sé go ndeacaigh an tír ó choilíneacht go tír aontaithe neamhspleách agus anois go nua-aimsearthacht.
Thart faoin am céanna bhí paráid mhíleata ag an tSín chun céilúradh a dhéanamh ar dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Cosúil leis an bparáid a tharla in Hanáí bhí ionadaithe ó Vítneam i láthair i mBéising, rud a léiríonn go bhfuil an-chairdeas idir Vítneam agus an tSín.