Ionsaíodh Cabhlachán Domhanda Sumud den dara uair. Tá na longa ag seoladh go Gaza chun cúnamh bia a thabhairt do na daoine atá ag fulaingt le hocras ann. Is é seo an tríú hiarracht bia a thabhairt le sé mhí anuas. Rinne criú ar long darb ainm an Madleen iarracht an léigear ar Gaza a bhriseadh ach gabhadh iad. Níos luaithe sa bhlian sheol long eile, an Conscience, go Gaza.
Tá iondaithe ó 44 tír ag glacadh páirt san iarracht is déanaí Gaza a bhaint amach go slán sabháilte. Tá Greta Thurnberg ar bord arís tar éis a bheith gafa ag Iosrael níos luaithe sa bhliain. Ar bord freisin tá fear Éireannach, Diarmuid Mac Dubhghlais. Tá Gaeilge aige agus beidh aithne ag roinnt daoine air as an obair a dhéanann sé chun bia a thabhairt do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath.
Dé Céadaoin i ráiteas dúirt an grúpa gur ionsaíodh iad faoi dhó agus iad sa chalafort sa Túinéis. Tá sé ráite acu go bhfuil sé i gceist acu leanúint ar aghaidh go Gaza agus ní chuirfidh ionsaithe cladhartha eagla orthu.
Bhí sé diúltaithe ag idaráis na Túinéise gur tharla an t-ionsaí agus gur tharla an tine de bharr toitín is dócha. Deir an cabhlachán gur ionsaí a bhí ann agus go bhfuil fianaise acu i bhfíseán atá tar éis a bheith scaipthe go rábach ar line.
Bhailigh na mílte ar an gcé chun tacaíocht a léiriú dóibh agus lasadh tinte ealaíne agus lasracha chun dallamullóg a chruthú. Tá rún daingean ag lucht an Sumud Gaza a bhaint amach agus is léir nach stopfaidh leithéidí Thurnburg go dtí go bhfuil an léigear briste nó go dtí go bhfuil cúnamh bia ceadaithe isteach.