Dé hAoine an 26 Meán Fómhair
Gligíní – Grúpa Spraoi
I nGaeilge do pháistí agus a gcuid tuismitheoiri, caomhnóirí, mamónna nó daideonna
Tá na Gligini dirithe ar pháistí ó 0 go 4 bliana d’aois
Gach Aoine ón 26 Meán Fómhair ag 10.30 am
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán
Clárú le snicheide@tuismitheoiri.ie
Is í an Ghaeilge teanga na hócáide
Mistéir – Cluiche mistéire idirghníomhach do theaghlaigh
le Aideen McQueen agus Louisa Ní Eidéain
6 go 10 mbliana d’aois
3 pm
Áras Chrónáin, D22X856
Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair
Comhrá teaghlaigh in Uíbh Ráthach
Comhrá, cluichí, amhránaíocht, rannta, braon tae nó caife
Gach Satharn 10 go 11:30 am
Ag tosnú an 27 Meán Fómhair
Breis eolais agus clárú ag 085 2198742 agus marie@tuismitheoiri.ie
Bualadh Bos – Céadfaí an linbh a mhúscailt
le hÁine Ní Dhubhghaill
Do thuismitheoirí a bhfuil páistí acu 0 go 2 bhliain d’aois
Súil Eile, Bearna
Gach Satharn ag 11.30 am
An 27 Meán Fómhair go dtí an 11 Deireadh Fómhair
Cláraigh le snicheide@tuismitheoiri.ie
Turas go Baile Gorta na Dumhcha agus Éire Fhiáin
Bus ag fágáil Mhachaire Rabhartaigh ag 9.30 am
Tuilleadh eolais ag 087-2280310
Arna eagrú ag Comharchumann Thoraí Teo
Éisteachtai – Meangadh Fíbín sa tóir ar ghlórtha nua do chlár teilifíse!
Buachaillí agus cailíní, fir agus mná ag teastáil uainn.
Mean lae go 4 pm
Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, P12X239
Gach eolas ar Instagram @fibinmedia nó 083 1817577
Cad as Duit? – Logainmneacha na nDéise
Abair linn faoi do logainmneacha áitiúla
ag ár Seó Bóthair Logainmneacha
An bhfuil ainm ar an áit a dtéann tú ag iascaireacht nó ag snámh?
An bhfuil a fhios agat cad a ghlaoitear ar na páirceanna thart ar do theach?
Lárionad Pobail Bhaile Mhic Cairbre (E91T6X8)
2 go 4 pm
Bí ann chun do logainmneacha áitiúla a roinnt agus chun foghlaim mar
gheall ar obair an Choiste Logainmneacha i bPort Láirge.
Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh ceol agus scéalta le clos.
Tá an ócáid seo eagraithe ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, le tacaíocht ó Éire Ildánach, Port Láirge.
Ócáid dhátheangach saor in aisce. Ní gá spás a chur in áirithe
My Irish Books Oíche Mhaith, a Ghrá – Seoladh agus ócáid cheoil
Bí linn in éineacht leis an údar Sadhbh Devlin, an maisitheoir Brian Fitzgerald, agus an cruitire Emer Ní Scolaí le haghaidh léamh speisialta den leabhar nua Oíche mhaith, a Ghrá (My Irish Books).
3 go 4 pm
Leabharlann DLR Lexicon
Dún Laoghaire (A96 H283)
Imeacht saor in aisce don teaghlach
Dé Domhnaigh an 28 Meán Fómhair
Lá naisiúnta siúil
Baile na hAbha, Bréannain, Co. Chorcaí
Áistear 10.5 km airde/titim 600 m
Am 4 uair 30 noimead
Pointe cruinnithe Halla Le Chéile 9.20 am
€10 an duine is ea costas an bhus
Tá líon na n-áiteanna teoranta
Déan d’aithirint anois ag 087 2372241 nó runai1@cflt.ie
Seisiún amhránaíochta
8.30 pm
Tigh Phádraicín, na Forbacha
Tae, caife agus sólaistí saor in aisce
Arna eagrú ag Pleanáil Teanga Chois Fharraige
Dé Luain an 29 Meán Fómhair
Cúrsa garchabhrach
Dé Luain an 29 Meán Fómhair, Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair agus Dé Luain an 13 Deireadh Fómhair
9.30am go 4.30pm.
Áiteacha Teoranta
Muintearas Thír Chonaill, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, na Doirí Beaga.
Tuilleadh eolais ag 0749532578
Suíomh gréasáin
Facebook Muintearas Thír Chonaill
Arna eagrú ag Muintearas
Ciorcal comhrá
Caife agus comhluadar
Costa Coffee, Dún Pádraig
Gach Luan 11 am go meán lae
Buail le Gaeilgeoirí eile
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Leath Chathail
Ranganna drámaíochta an fhómhair
Ag tosú Dé Luain an 29 Meán Fómhair 25
7 go 12 bhliain d’aois
Ionad Seanscoil Sailearna
Am 4.30 go 6 pm.
Costas €70
Líon na spásanna teoranta
Arna eagrú ag Pleanáil Teanga Chois Fharraige
Rang fáinne airgid
An 29 Meán Fómhair go dtí an 15 Nollaig
£6 in aghaidh an ranga nó £50 do na 12 sheachtain ina n-iomlán
7 go 8pm
Páirc Éire Óg, an Charraig Mhór
Cuir téacs chuig Eoin 00447827450475
Dé Máirt an 30 Meán Fómhair
Ranganna damhsa le Mary McGuiggan
Foghlaim céim nó dhó le ranganna damhsa seachtainiúla gach Máirt ó 10 go 11.30 am Beidh an chéad rang ar an 30 Meán Fómhair
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Sráid Mhór Shéamais, Doire
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Mary le do thoil ag marypmcguiggan@gmail.com
Sárchumhachtaí, taispeántas ealaíne
Le Nuala Ní Fhlathúin agus Pobal Chois Fharraige
Beidh saothair speisialta leis na scríbhneoirí Máire Uí Eidhin agus Máire Wren á gcur i láthair ag an ócáid oscailte
Oscailt oifigiúil 7 pm
i Seanchlochar Chill Éinde, an Spidéal
Ar oscailt ó 1 go 3 Deireadh Fomhair don phobal ó 11 go 2 pm agus 3 go 5 pm agus Dé Sathairn 2 go 5pm
Seisiún scéalaíochta agus ealaíne le Fearghas Mac Lochlainn
Do ghasúir 3 go 9 mbliana d’aois
An-seans Fearghas a chloisteáil ag léamh as a leabhar nuafhoilsithe Puisin na mBróg!
3.30 pm
i Leabharlann an Spidéil mar chuid d’Fhéile Chois Fharraige.
Dé Céadaoin an 1 Deireadh Fómhair
Mná Phort Mhaise in Ionad Mhachaire Rabhartaigh
Gach Ceadaoin ó 10 am go meán lae
Bí linn le haghaidh ceardaíochta, cairde agus craice
Ceardlann scríbhneoireachta cruthaithí
Deis do dhaoine fásta beagán spraoi a bheith acu ag úsáid a gcuid samhlaíochta.
5 go 6.30 pm
Inis Fáil, an Spidéal
Clárú ag bridtreasa@fightingwords.ie
Ógras na hOmaí
Tá Ógras ag oscailt don bhliain nua agus tá muid ag glacadh le hiarratais anois. Seans iontach do pháistí agus do dhéagóirí buaileadh le cairde, foghlaim trí Ghaeilge agus spraoi a bheith acu le chéile
Halla Paróiste Coillidh Chlochair
Rang 4-7 5.30 go 7 pm
Bliain 8-10 7 go 8.30 pm
Facebook Óg Ógras na hOmaí agus Pobal ar a’n Iúl
Eolais Oisín, 00447542608741 nó oifigeachpaai@gmail.com
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an leabhar Dúchan, bunaithe ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, á phlé.
8.15 pm
I dTigh Mholly
Fáilte roimh chách
Ranganna Gaeilge creidiúnaithe
Le Reuben Ó Conluain
Ranganna Gaeilge TEG
€50 an costas ar 7 seachtaine
Leibhéal B1
7 go 8.30 pm
An tSean Bheairic, an Fál Carrach, F92 YE2C
Eolas agus clárú ag 074 9180888/074 9180655, antseanbheairic@gmail.com
Bunrang Gaeilge saor in Aisce ag na Magha CLG
Ag tosú Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair, 7 go 8pm
Suíomh, clubhtheach na Magha, Doire
Eolas ó Eimear ar +44 7708 194775 nó cultureofficer.namagha@gmail.com
Beckett sa Chreig: Guth na mBan
Beidh an Taibhdhearc, le Company SJ, ag cur Beckett sa Chreig: Guth na mBan i láthair ag Dublin Theatre Festival ón 1 go dtí an 5 Deireadh Fómhair 2025 sa Cube, Project Arts Centre. Cuirfear rochtain fuaime ar fáil do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu.
Tá ticéid ar fáil ar líne
Déardaoin an 2 Deireadh Fómhair
Turas Oidhreachta Chois Fharraige
Ó na Forbacha siar go Ros a Mhíl agus ar ais
9.45am go 4.30pm
Beidh aoichainteoirí againn chun scéalta suimiúla agus stair an cheantair a roinnt linn ar an lá.
Cuirigí bhur suíocháin ar an mbus in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@gmail.com
Ealaín agus cúpla focal
Foghlaim ealaín trí Ghaeilge agus Gaeilge tríd an ealaín
Cúrsa chun cúpla focal a fhoghlaim nó cúpla focal a roinnt.
Bí ag péinteáil, ag líníocht, ag cruthú agus ag spraoi! Má théann tú abhaile le níos mó Gaeilge ná mar a bhí agat ar dtús, tá ár jab déanta.
2 go 4.30pm
Tech Amergin, Ionad Ealaíon agus Oideachas Aosach an Sponcáin
An Coireán, Co. Chiarraí, V23A243
Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge agus gach leibhéal ealaíne
Cláraigh ar líne
Eolas ó Marian ar 0669478956 nó 0864411167 nó manager@techamergin.com
Ranganna comhrá Gaeilge
An mian leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge?
Feabhasaitheoirí 7 go 8 pm
Tosaitheoirí 8 go 9pmCúrsa 8 seachtaine, €10 an rang
Scoláireachtaí ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i nGaeltacht na Mí
Tuilleadh eolais ó Mags ar 086 354 2152
Cláraigh ar líne
Choirs for Gaza – Ceol na gCór
Rogha ceoil as Gaeilge le rogha na gcór paróiste agus pobail
7.30pm
Séipeal Naomh Clár, An Ghráig, Ceatharlach, R93E048
Mar chuid d’Fhéile an Fhómhar 25
Éigse na hEachléime 2025
Dé hAoine an 26 go dtí Dé Domhnaigh an 28 Meán Fómhair
Dé hAoine an 26 Meán Fómhair 2025
Seisiún na nÓg le Gaeilge Iorrais, Solas F26 X316
Ceolchoirm le ALTAN, 8 pm, €20 an duine
Halla Naomh Breandán F26 W3W5
Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair 2025
€15 an duine, lón san áireamh
10 am
Oscailt oifigiúil, Seán Carey, Cathaoirleach, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Béaloideas na háite: cúlra agus comhthéacs, Ailbhe van der Heide, Cnuasach Bhéaloideas Éireann
Logainmneacha an cheantair mar aon le grianghraif na mbailte fearainn, Pádraig S. Ó Murchú
Seandálaíocht agus iarsmaí áitiúla, an Dr Séamus Mac Conghamhna
Gaeilge na háite, Mícheál Ó Tuathail, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an pobal áitiúil
Amhrán ó dhaltaí, Scoil Bhreandáin, an Eachléim
Ceardlanna
Amhránaíocht, Síle Uí Mhongáin agus Bríd Mhic Ghiollabháird
Rince seite, Carmel Nic Aindriú
Gearrscannán de thithe solais Iorrais, Fergus Mac Suibhne
Seisiún ceoil traidisiúnta, Craobh Iorrais, Teach John Joe
Dé Domhnaigh an 28 Meán Fómhair 2025
Ióga ar an trá, costas breise ar an lá, Agatha Ní Ursaigh
Turas treoraithe chuig Teach Solais an Fhóid Dhuibh, Fergus Mac Suibhne, costas breise ar an lá
Turas chuig séipéal agus tobar Dheirbhile, an Fál Mór
Ticéid ó eventbrite.com
Breis eolais ó info@visitsolas.ie / 097 65035
Pátrún Naomh Micheál an 26 go dtí an 29 Meán Fómhair i mBaile an Sceilg
Dé hAoine an 26 Meán Fomhair 2025
7.30 pm, Tionscadal Bhéalodeas Uíbh Ráthaigh
Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair 2025
2 go 5 pm, taispeantas ealaíne agus grianghrafadóireachta le Tetianna and Michael Hermann
7.30 pm, an Lion
9 pm, Tigh Rosie, ceol agus craic le Neillie O’Donnell
Dé Domhnaigh an 28 Meán Fómhair 2025
2.30pm, siúlóid le Dee O Shea
9 pm, Tigh Rosie, ceol agus craic le Eileen Cronin
Dé Luain an 29 Meán Fómhair 2025
10.30am, turais chuig Tobar Mhichíl
Níos mó ó coistebks24@gmail.com nó 066 9479111
Suíomh gréasáin