Dé hAoine an 19 Meán Fómhair

Léacht bhliantíuil Raidió Fáilte
“Ba chóir deireadh a chur le hOíche Chultúir”
Leis an ealaíontóir agus Stiúrthóir Aisling Ghéar, Bríd Ó Gallchóir
2 go 3 pm, fáiltiú le smailceacha agus sólaistí ar 1.30 pm
An Lonnán, Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT12 4AL
Fáilte roimh chách

Ceiliúradh chultúr Gaelach in Áth Cinn
Seisiún ceoil, mic oscailte
do phobal Áth Cinn le Gaeilge
Fáilte roimh chách, le aon leibhéal Gaeilge
Tóg uirlis leat nó amhrán, dán, scéal as Gaeilge
Aíanna speisialta Matt agus Ita Cunningham
5 go 6 pm
The Homeplace Cafe
Seol teacs chuig Niamh 0852060790

Cruth agus Craic, oíche hhrinn do Oíche Cultúr
Fuirseoirí agus Scéalaithe
Do gach leibhéal Gaeilge
7 pm
Bogan’s Bar, An Ómaigh
Iontráil saor in aisce
Arna eagrú ag Pobal ar a’n Iúl, Craobh na hOmaí

Oíche airneáil
Le Seanchas Sheáin Néill
8 pm
Áislann Rann na Feirste
Oíche den scoth geallta le cairde sheanchas Sheáin Néill.
Ceol, comhluadar & craic
Bean an tí Brídanna Ní Bhaoill
Imeacht saor in aisce
Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta

Dé Sathairn an 20 Meán Fómhair

Dianchúrsa Gaeilge
le Naomh Damhnait, an Droim Mór
Bunrang, Meanrang agus ardrang
9.45 am go 2 pm
Scoil Naomh Eoin, an Droim Mór
Clarú agus cupán tae nó caife ó 9.30 am
£10 an duine, faoi 18 saor in aisce, sólaistí san aireamh ó mheán lae go 12:30 pm
Cláraigh le Cónall 07815 784 962

Togáil Teidí le Donna
1 go 2 pm
Gaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn
€5 an teaglach
Clarú ag https://lionralc.ie/product/togail-teidi-le-donna
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn

Dé Domhnaigh an 21 Meán Fómhair

Ensemble Mhúscraí
Ag iarraidh pairt a ghlacadh i gceolfhoireann óige?
Rang amháin uair sa mhí, ar an Domhnach 11 am go 2 pm. Ag seinnt le chéile agus piosaí ceoil a choiriú faoi stiúr Paul Clesham
Aois 12 ar aghaidh agus ag seinnt ceoil cheana féin
Ag tosú an 21 Meán Fomhair
Glaoigh ar 02645733 nó riomhphost chuig eolas@ionadculturtha.ie

Dé Luain an 22 Meán Fómhair

Ranganna Gaeilge i gCois na hAbhna, Inis
Cuirfear trí leibhéal éagsúla ar fáil, ionas go mbeidh rang ann a oireann duitse, beag beann ar do chuid taithí leis an nGaeilge.
Táille €60 don chúrsa iomlán 10 seachtaine
Teastas do gach rannpháirtí ag deireadh an chúrsa.
Rang speisialta do scoláirí atá ag ullmhú do scrúdú béil na hArdteiste, ar chostas laghdaithe €30.
Tuilleadh eolais ó anclarasgaeilge@gmail.com nó 065 686 4474
Arna eagrú ag An Clár as Gaeilge

Rang Gaeilge do pháistí rang 5 agus rang 6 i scoileanna Béarla
Ag tosú an 22 Meán Fómhair
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn
Tuilleadh eolais ó https://lionralc.ie/product/rang-gaeilge-irish-class-for-5th-6th-class-children/

Athfhuáil agus Athchaitheamh le Catherine Foley
Ar mhaith leat fuáil a fhoghlaim? Má tá meaisín agat tabhair isteach é, mura bhfuil níl sé ag teastáil! Gach leibhéal
7.30 – 9.30 pm, 8 seachtaine
Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, P12X239
Tuilleadh eolais ag 026 45733 nó eolas@ionadculturtha.ie

Dé Céadaoin an 24 Meán Fómhair

Ag baint taitneamh as an nGaeilge le leanaí óga
d’oideoirí luathbhlianta agus oideoirí aoise scoile
Le hÁine Ní Shúilleabháin, Bróga Nua
Ionad Paróiste na hArdeaglaise, Ceatharlach
7 go 8.30pm

Beidh an cheardlann seo ag…

  • Ardú feasachta ar thábhacht teanga eile a thabhairt isteach sna blianta luatha trí rainn, amhráin, ceol agus gluaiseacht.
  • Cabhrú le hoideachasóirí na Luath-Bhlianta agus bunscoile chun iniúchadh a dhéanamh ar rainn agus amhráin shimplí i nGaeilge.

Moltar do rannpháirtithe páirt a ghlacadh i gcluichí simplí, rainn ghníomhaíochta agus amhráin a chanadh i nGaeilge.

Tá focail agus frásaí as Gaeilge san áireamh in Aistear (2024) agus tacóidh an cheardlann seo le hoideachasóirí chun feasacht a bheith acu ar an nGaeilge agus í a úsáid go héasca i gcomhrá laethúil.

Gheobhaidh gach seirbhís a fhreastalaíonn cóip de Bróga Nua 1, leabhar de rainn agus amhráin shimplí.

Ríomhphost: info@carlowccc.ie chun d’áit a chur in áirithe.

Déardaoin an 25 Meán Fómhair

Oiche oscailte Raidió na Life
Suim agat i gcúrsaí craoltóireachta?
Ag iarraidh taithí a fháil sna meáin?
Fonn ort bualadh le daoine nua le Gaeilge agus scileanna nua a fhoghlaim?
Bigi linn chun tuilleadh a fhoghlaim faoi dheiseanna craoltóireachta le stáisiún pobail lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath
6 go 9 pm
63-66 Sráid Amiens, BÁC 1

Ranganna Gaeilge do thosaitheoirí
10.30 am go 12.30 pm
€5 an rang nó €30 ar shé rang
I Gteic Charraig Airt
Tuilleadh eolais ag 074 9154291

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.