Lean Le Boom ar aghaidh lena bhfeachtas Hot Gael Summer ag an bPicnic Leictreach ag an deireadh seachtaine. Thosaigh siad an samhradh le seoladh a n-amhrán Hot Gael Summer. Mearscaipeadh an t-amhrán ar TikTok.
Sheinn Le Boom ar stáitse Today FM agus bhí slua iontach ann chun tacú leis na buachaillí. Bhí gig eile ag Le Boom an oíche chéanna sa Trailer Park. Is léir nár mheas eagraithe na féile go mbeadh tacaíocht chomh mór sin ag na buachaillí mar bhí an stáitse sin i bhfad róbheag don slua a bhí ann. Bhí an slua an-sásta leis an meascán d’amhráin i nGaeilge.
Fuair Andy moladh mór maidin Dé Domhnaigh, nuair a d’imir sé peil dá chontae dúchais, an Mhí. Sheinn sé os comhair na mílte daoine an oíche roimhe sin.
Sheinn siad i mBaile Átha Cliath, Londain, agus Learpholl tar éis a bheith ag treochtáil ar TikTok ag tús an tsamhraidh. Ansin, lean siad ar aghaidh ag seinm faoi dhó ag an bhféile All Together Now i bPort Láirge le slua deich míle duine ann.
Is breá leis na buachaillí gigeanna rúnda a dhéanamh. Rinne siad gig rúnda ag an bhFleadh Cheoil i Loch Garman cúpla seachtain ó shin. Fógraíonn siad na gigeanna seo sa ghrúpa WhatsApp Le Boom. Chruthaigh siad an ghrúpa seo ag tús an tsamhraidh agus tá na céadta daoine sa ghrúpa anois. Is pobal iontach é chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar bhealach spraíúil trí cheol tí.
Tá Le Boom chun cúpla gig eile a dhéanamh timpeall na hÉireann, i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, agus Luimneach. Beidh na Gael Raves ag tosú ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, ach tá go leor de na seónna díolta amach cheana féin mar gheall ar an éileamh.