Giob Geab Ghormlaithe

Mar is léir ó liosta na nImeachtaí Gaeilge in An Páipéar tá mórán grúpaí sóisialta Gaeilge fud fad na tíre. Ceann acu is ea Giob Geab Ghormlaithe, i nGleann Ghormlaithe, ar an taobh ó thuaidh de Bhéal Feirste.

Labhair bunaitheoir agus eagraí an ghrúpa, Aodán Mac Séafraigh, linn faoin gcaoi ar bhunaigh sé an grúpa.

“Tháinig deireadh le mo chuid oibre lánaimseartha i mí an Mhárta i mbliana. Ní dheachaigh mé ar scor go díreach ach ní raibh maoiniú ar bith fágtha do mo phost. Níor chuir sé isteach nó amach orm áfach mar bhí mé ag iarraidh athrú go hobair pháirtaimseartha le tamall.

Sin ráite, bhí mé ag obair in eagraíocht ina raibh an Ghaeilge mar theanga an ghnó agus roimhe sin arís bhí mé ag obair in eagraíocht Ghaeilge eile ar feadh dhá bhliain déag. Sin chóir a bheith ocht mbliana déag ag obair i dtimpeallacht na Gaeilge. I bhfírinne, bhí an t-ádh dearg orm go raibh an Ghaeilge thart timpeall orm sa láthair oibre. Mar sin rith sé liom mé nach mbeadh an Ghaeilge labhartha nadúrtha i  mo shaol chomh minic sin as sin amach.

Caidé a dhéanfainn? San áit a bhfuil cónaí orm, i mBaile Chlann Ghormlaithe (“Gleann Ghormlaithe” an logainm oifigiúil atá ann, gidh nach bhfuil gleann ar bith sa cheantar!) ar imeall thuaisceart Bhéal Feirste,  tá neart cainteoirí Gaeilge sa cheantar. Daoine nach bhfeicinn ach corruair san ollmhargadh nó ar an bhus nó ar an tsráid. Daoine nár bhuail mé leo ach de thaisme ó am go chéile. Mar sin, chuir mé fógra ar na meáin shóisialta ag moladh grúpa úr sóisialta a bhunú. Bhuel, cor dea-chinniúna a bhí ann agus d’éirigh go maith leis, agus le tacaíocht ó Ghráinne Ní Ghilin, cara liom sa chomharsanacht, chuir muid tús le buíon úr teanga le deis a thabhairt do dhaoine áitiúla a bhfuil Gaeilge acu bualadh le chéile in aice láimhe dúinn. Chinn muid ar “Giob Geab Ghormlaithe” mar theideal an ghrúpa, ainm cliste snasta a mhol cara liom.

Níorbh fhad a gur seoladh Giob Geab Ghormlaithe agus tá muid ag gabháil ó neart go neart ó shin. Buaileann meascán de dhaoine le chéile uair sa choicís, ar mhaithe le comhrá agus spraoi is mó. Chan rang Gaeilge nó ciorcal comhrá fiú, agus níl ballraíocht i gceist ná táille, ach teacht le chéile cairde ar maith leo cúrsaí reatha a phlé, cúrsaí an tsaoil nó a scéalta pearsanta a phlé, gach rud i bhfírinne – giob geab agus dreas cadrála ina measc!

Tá Giob Geab sé mhí ar an tsaol anois, tá 30 duine ar WhatsApp againn faoi láthair agus tá cairdeas agus gréasán sóisialta á fhorbairt. Sin agus níos mó dár dteanga dhúchais le cluinstin go poiblí i dtuaisceart Bhéal Feirste”.

Más mian leat níos mó a fháil amach faoi Ghiob Geab Ghormlaithe, déan teagmháil le hAodán ag +4479366 48423 agus jaffpiobaire@yahoo.com. Beidh fearadh na fáilte romhat.

Má tá tú páirteach i ngrúpa sóisialta Gaeilge inis dúinn faoi ag eagarthoir@anpaipear.ie

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.