Tá iriseoir de chuid An Páipéar agus iar-chraoltóir le Raidió Fáilte Jack Mac Íomhair i measc na ndaoine atá ar an ngearrliosta do ghradaim chumarsáide an Oireachtais 2025 a d’fhógair an tOireachtas ar Deardaoin.
Tá Mac Íomhair i measc seisir atá ainmnithe don ghradam Iriseoir na Bliana. Tá Caoimhe Ní Laighin, Cuán Ó Seireadáin, Marian O’Flaherty, Kevin Magee agus Conchubhar Ó Liathan ainmithe sa chatagóir sin chomh maith.
Tá trí chatagóir déag ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla, ach is ar bhonn vóta phoiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Cuirfear tús leis an vótáil phoiblí Dé Máirt an 23 Meán Fómhair 2025. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar an 22 Deireadh Fómhair 2025.
“Is pribhléid ar leith é spotsolas bliantúil a lonrú ar na héachtaí atá á mbaint amach ag na daoine cruthaitheacha, ceannródaíocha, paiseanta atá ag saothrú in earnáil na cumarsáide Gaeilge”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tréaslaím leis na réaltaí ar fad atá ainmnithe inniu ar Ghearrliosta na nGradam Cumarsáide 2025. Tá sárshaothar Gaeilge craolta le bliain anuas agus beidh aitheantas á thabhairt dó sin ag an ócáid bhronnta ghalánta i Halla na Cathrach i mBéal Feirste.”
Déanann gradaim chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
Is í Lynette Fay a bheidh i mbun searmanas speisialta bronnta ghradaim chumarsáide an Oireachtais 2025 le linn Oireachtas na Samhna Dé Céadaoin an 29 Deireadh Fómhair 2025.
AN GEARRLIOSTA 2025

SCANNÁN/CLÁR/SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA: Nuacht Cúla4 MEANGADH FIBÍN; Scoil Choille CORCRA MEDIA; Anfa MEANGADH FIBÍN; Lí Ban PAPER OWL FILMS; Mo Pheata MEANGADH FÍBÍN
COLÚNAÍ NA BLIANA: Aodhán Ó Baoill SEACHTAIN; Bridget Breathnach TUAIRISC.IE; Robert McMillen SEACHTAIN & THE IRISH NEWS; Áine Ní Bhreisleáin SEACHTAIN; Tomaí Ó Conghaile NÓS.
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA: Fios Feasa RAIDIÓ NA LIFE; Tús Áite RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA; Moch ar Maidin RÁIDIÓ FÁILTE; Ceol sa Chroí BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH; An Taobh Tuathail RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
CLÁR TEILIFÍSE/SCANNÁN NA BLIANA: Carna an Cheoil agus na nAmhrán ANIAR TV; Níl aon Tinteán CLEAN SLATE PRODUCTIONS; Báite DANÚ MEDIA; Réiteoir! MACHA MEDIA; Na Lumière Gaelacha CORMORANT FILMS; Aontas PÚCA PICTURES
IRISEOIR NA BLIANA: Caoimhe Ní Laighin NUACHT TG4 / RTÉ; Cuán Ó Seireadáin RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA; Jack Mac Íomhair AN PÁIPÉAR; Marian O’Flaherty TG4 / RTÉ; Kevin Magee INIÚCHADH TG4; Conchubhar Ó Liathan – THE ECHO/ SCÉAL THE IRISH TIMES/THE IRISH EXAMINER
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA: Máire Treasa Ní Dhubhghaill PÉ SCÉAL É; Colm Feirtéar RUAILLE BUAILLE; Róisín Ní Mhaoláin AN MEANGADH BEAG; Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail BLAS; Dónall Mac Ruairí CÓISIR CHEOIL.
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA: Proinsias Ó Coinn, Áine Ní Bhreisleáin, Louise Cantillon John Sharpson, Síomha Ní Ruairc
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL: Craic as Gaeilge FLIRT FM 101.3; Ceol agus Craic -103.2 DUBLIN CITY FM; “An Áit a nÓlann an tUan an Bainne” – Ceiliúradh Deich mBliana Fichead RAIDIÓ POBAIL CHONAMARA; Deich FLIRT FM 101.3; Aon Scéal 92.5 PHOENIXFM; Cumasc Ceilteach FINN VALLEY FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA: Ruaille Buaille HIGHLAND RADIO; Splanc NEWSTALK
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA: Is Mise le Mess ROINN TV; Saol na Feirme STRIDENT MEDIA; Sonas ANIAR TV; Crá FIBÍN MEDIA / ZOOGON LTD; Giorraíonn Beirt Bóthar MACHA MEDIA; Scéalta ár Stampaí MIDAS PRODUCTIONS
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA: Caoimhe Ní Chonncoille RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA; Seán Ó Dubhchon RAIDIÓ RÍ-RÁ/RÁIDIÓ NA LIFE; Sláine Ní Chathalláin RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA; Liam Mac Amhlaigh RAIDIÓ NA LIFE; Dónall Mac Ruairí RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA; Áine Ní Bhreisleáin BBC GAEILGE AR BBC RAIDIÓ ULADH & TG4
RÉALTA ÓG NA BLIANA: Katelyn Hayes NUACHT CÚLA4; Róise Ní Mhurchú BBC RAIDIÓ ULADH; Joe Mac Aoidh NUACHT TG4/NUACHT CÚLA 4/7 LÁ; Máire Ní Churraoin TG4/ARDÁIN ILMHEÁN; Rhiann Flemming NUACHT TG4/NUACHT CÚLA 4