Formhór theangacha an domhain i mbaol báis

Cathal Ó Murchú

Meastar go bhfuil breis is 7,000 teanga beo á labhairt ar fud an domhain inniu, idir mhórtheangacha idirnáisiúnta a bhfuil na deicheanna de mhilliúin de ceainteoirí acu, agus mhionteangacha a bhfuil níos lú ná fiche cainteoir acu. Tá drochbhail ar an gcuid is mó acu, agus an formhór acu i mbaol báis de réir taighde in 2004 a mheas go bhfaigheadh 90% bás faoin mbliain 2050. Sa chás is fearr, beidh 50% de theangacha an domhain imithe i gceann céad bliain. 

Measann teangeolaithe go raibh suas go 31,000 teanga á labhairt ag pointí éagsúla i stair an chine dhaonna, an formhór acu marbh anois, ach cuid acu a mhaireann fos. Braitheann líon cruinn na gcainteoirí nó lucht labhartha teanga ar conas a chomhairítear teanga bheo agus céard í féin.

Go bunúsach rangaítear teangacha de réir cé chomh slán atá siad ar bhonn líon na gcainteoirí agus an fheidhm a bhaineann leo sa tsochaí. Meastar teangacha a bheith slán/gan bheith i mbaol, leochailleach, i mbaol cinnte, i mbaol criticiúil, i mbaol go dona, agus marbh/díofa. Ar na mórtheangacha atá slán, áirítear an leagan Mandairínise den tSínis, Béarla, Spáinnis, Hiondúis, Portaingéilis, Araibis, Beangáilis, Rúisis, agus Seapáinis, iad go léir le breis is 100 milliún cainteoir dúchasach. Tá fiche ceann eile le breis is caoga milliún cainteoir dúchasach agus thart ar sheasca le hidir deich agus caoga milliún.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.