Tá rás na huachtaránachta faoi lánseol. Cé nach bhfuil ach beirt ainmnithe mar iarrthóirí tá go leor drámaíochta fós le tarlú, agus gan dabht beidh go leor cora gus casadh roimh dheireadh an rása. Chuir sé seo mé ag smaoineamh agus is docha tharla an rud céanna le go leor daoibh a bhfuil suim agaibh sa pholaitíocht. Is é an cheist a bhfuilim ag smaoineamh faoi anois ná cé hé nó cé hí an duine is oiriúnaí don phost. Dár ndóigh níl mórán cumhachta ag Uachtarán na hÉireann agus is post siombálach é i ndáiríre, ach is post tábhachtach é. Ní féidir a shéanadh go bhfuil jab den chéad scoth déanta ag Míchaél D le roinnt blianta anuas. D’úsáid sé an post chun guth a thabhairt dóibh siúd atá ar an ngannchuid, sa bhaile agus thar lear. Is daonnúlach amach is amach é, agus eiseamláir do na huachtaráin fós le teacht. Ar go leor bealaí tá cosúlachtaí idir é féin agus céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlás de hÍde.