Cuirfear tús leis an gcuardach ar JUNIOR EUROVISION ÉIRE ar TG4

Tá an Junior Eurovision ar ais agus i mbliana tá siad ag ceiliúradh deich mbliana ar an stáitse mór ar TG4, ag tosú an Domhnach seo ag 7.30 pm.

Eagraíodh éisteachtaí ar fud na tíre i mbliana, agus bhuail foireann an chláir leis na céadta amhránaithe óga ar fad ag iarraidh dul i gcion ar na moltóirí.

As sin, roghnaíodh deichniúr chun teacht chuig an stiúideo agus dul san iomaíocht chun an duais mhór a bhuachan, an deis canadh ar son na hÉireann i gcomórtas an Junior Eurovision.

Ach i ndeireadh na dála, ní mór a fheiceáil cé acu a bheidh maith go leor chun an jab mór a dhéanamh agus canadh ar son na hÉireann sa chomórtas ceoil is mó ar domhan do dhaoine óga idir deich agus ceithre bliana déag d’aois.

Beidh sé de dhualgas ar na moltóirí na cinntí deacra sin a dhéanamh, an craoltóir Niamh Ní Chróinín, réalta na meán sóisialta Hugh Carr, chomh maith le scata réaltaí ó dhomhan an cheoil, an ceoltóir, ealaíontóir agus taibheoir Tadhg Ó Gríofa, agus na réaltaí Eoraifíse Niamh Kavanagh, Linda Martin agus Brooke Scullion.

Thar thréimhse sé seachtaine, leanfar an scéal ó thús go deireadh go dtí go mbeidh iontrálaí nua na hÉireann roghnaithe don chomórtas Junior Eurovision a bheidh ar siúl in Tbilisi na Seoirse.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.