Trasna

1.  An Taoiseach ó 1959 go 1966 (6)
4. Méid airgid a luann tú chun a cheannach (10)
9. Daingean (8)
10. Ár réaltra baile: _ _ _ _ _ _ _ na Bó Finne (7)
11. Uimhir an lae agus na míosa sa bhféilire (4)
12. Is é Tiorána príomhchathair na tíre seo: an _ _ _ _ _ _ (6)
14. Éadrom sa cheann (6)
15. Déan obair ar sheithe ainmhí amh chun leathar nó tairgí a dhéanamh (4)
17. Staidéar na bplandaí (14)
21. Micheál Ó Móráin (1794 go 1846), duanaire sráide i mBaile Átha Cliath (7)
22. Béile Seapánach: rís is rudaí eile, blaistithe le fínéagar, siúcra agus salann (5)
24. Bád (3)
25. Diongbháilteacht (8)
26. Meall tiubh dlúth (4)
27. Sliabh na m_ _ _ i gContae Thiobraid Árann
29. Béal (4)
31. Duine a bhfuil imeachtaí ar siúl i gcúirt aige (6)
32. Oiriúnach (3)
33. Nádúrtha sa mhata (8)
35. Péintéir (9)
36. Réidh (7)
37. Uirlis phollta a bhfuil cos fhada uirthi agus scriú ar a bior (8)

Síos

1.  Áit ar féidir leat ábhar léitheoireachta a fháil ar iasacht (11)
2. Staidéir na n-orgánach beag bídeach (19)
3. Céadainm uimhir 1 trasna (4)
4. Treibheanna (6)
5. Rud a chur sa bholg (4)
6. Capall nó ainmhí a bhfuil blár bán nó liath ar a aghaidh (8)
7. Ciorclán (7)
8. _ _ _ _ _ _ _ _ _ an chlár dá mbeadh tarchuradóir ar fáil (9)
13. Fealsúnaí Gearmánach a dúirt ‘Tá Dia marbh’ (8)
16. Athrú aigne (13)
18. D’athbheoigh Íosa é (7)
19. Ábhar a fhaightear ó starrfhiacla eilifintí (5)
20. An chuid den bhóthar ar a siúlainn tú (6)
23. Sheol mé: _ _ _ _ _ _ _ _ _ mé (9)
26. Ná bí buartha faoi: ná cuireadh sin _ _ _ _ _ _ _ ort (7)
28. Bhí sé do mo chrá: _ _ _ _ _ _ sé mé (6)
29. Foraois thiubh san Afraic agus in áiteanna eile (6)
30. Éan beag ceoil a itheann síolta agus caora: _ _ rua (2)
34. Dos (3)

Freagraí ar Crosfhocal #45

TRASNA: 1. Ainbheocht 6. Scaradh 9. Aisiléireacht 11. Dea 12. Ealbha 14. Eatán 15. Arú 16. Airneog 18. Dreo 19. Bac 20. Lom 21. Cuas 22. Cnámhóg 24. Scoirim 26. Idir sin is tráthas 29. Eolchaire 32. Achair 34. Adac 35. Líomhain 36. Hun 38. Ostraisí 40. Duthain 41. Cead raide
SÍOS: 1. Airgead 2. Néill 3. Heath 4. Cuideach 5. Tréatúlacht 6. Suranam 7. Abar (4) 8. Dothíosach 10. Lear 13. Broim 17. Nic Mhathúna 19. Bró 22. Coite 23. Gin 25. Riteacht 27. Inlíocht 28. Raideoga 30. Anam 31. Rince 33. Rimín 35. Luid 37. Urla 39. Iad
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.