Trasna

1.  Baothántacht (10)
6. Imeacht ó chéile (7)
9. Cleasaíocht (13)
11. Maith (3)
12. Tréad (6)
14. Hidreacarbón simplí nádúrtha: C2H6 (5)
15. An lá roimh an lá inné (3)
16. Crann dúchasach Éireannach as a ndéantar an sail éille (7)
18. Lobhadh (4)
19. Cosc (3)
20. Gan chlúdach gan mhaisiú (3)
21. Cuan beag (4)
22. Fuílleach atá fágtha de rud dóite nó ídithe (7)
24. Scaoilim (7)
26. Níos déanaí (4, 3, 2 agus 7)
29. Uaigneas i leith do bhaile (9)
32. Fad (ginideach) (6)
34. Coimeádán ina n-iompraítear brící (4)
35. Drochrud a chur i leith duine: _ _ _ _ _ _ _ _ a dhéanamh ina aghaidh (8)
36. Duine de threibh chogúil a rinne ionradh ar an Eoraip sa 4ú agus sa 5ú haois, i mBéarla
38. Éin mhóra san Aifric nach bhfuil eitilt acu (8)
40. Gearrshaolach (7)
41. Gan srian ort an rud a theastaíonn uait a dhéanamh (4 agus 5)

Síos

1. Euro, dollar nó rúbal (7)
2. Sráidbhaile i gContae Dhoire: Sleacht _ _ _ _ _ (5)
3. Príomhaire na Ríochta Aontaithe a chuir an t-imtheorannú gan triail i bhfeidhm i dtuaisceart na hÉireann in 1971
4. Saibhir (8)
5. Géarleanúint (11)
6. Is é Paramaribo príomhchathair na tíre seo (7)
7. Talamh bog (4)
8. Doicheallach (10)
10. Líon ollmhór de rud (4)
13. Tuthóg (5)
17. Captaen fhoireann rugbaí ban na hÉireann (3 agus 8)
19. Fuil théachta: ??? fola (3)
22. Bád beag (5)
23. Saolú (3)
25. Teannas (8)
27. Saighdiúirí ag bogadh timpeall (8)
28. Ciceanna (7)
30. Tá cion aici air: tá a h_ _ _ _ istigh ann (4)
31. Gluaiseacht a dhéantar agus ceol á sheinm (5)
33. An chuid d’fholt a fhásann ar do chlár éadain (5)
35. Giota beag (4)
37. Cuid an-ghearr de 33 síos (4)
39. Í agus é (3)

Freagraí ar Crosfhocal #44

TRASNA: 1. Anoircheas 5. Cathair 9. Eilvéiseach 10. Smadal 12. Soho 13. Buaile 14. Achan 16. Caistín 20 CIF 21. Ail 22. Bogha 23. Iarmhair 24. Úimléideach 26 Aiste 29 Anaemacht 32. Rosa 33 Easanna 34 Giorria 36. Meall 37. Bé 38 Brioscacht 39. Eoin
SÍOS: 2. Oil 3. Cóip 4. Ar aba 6. Támhas 7. Ard Mhacha 8. Dhallraigh 9. Eischeadúnas 11. Longfort 15. Oilbhéim 17. Taghd 18 Neamaiteach 19. Tarcaisneach 25. Miangais 27 Straille 28 Bairéin 30 Acrach 31. Asam 35. Abú
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.