Sraith úr deich bpáirt a fhiosraíonn gach a mbaineann leis an chodladh.
Tá rud éigin i gcoitinne againn go léir. Gníomh a chaithfidh muid uilig a dhéanamh, agus rud atá mar pháirt thábhachtach dár sláinte, ach a mbíonn na milliún daoine ag streachailt leis gach oíche: an codladh.
Sa tsraith úr deich bpáirt seo Codladh Sámh, léirithe ag Macha Media, téann Aodhán Ó Baoill ar thuras le codladh níos fearr a bhaint amach.
Tá fadhbanna codlata ag Aodhán leis na blianta. Is minic a bhíonn sé ag streachailt le codladh maith a bhaint amach, agus is iomaí oíche a chaitheann sé ina luí múscailte ag stánadh ar an tsíleáil.
Arsa Aodhán faoina streachailt, “Tá mé tinn tuirseach den droch-chodladh atá agam le blianta anuas. Ní hamháin go gcuireann an tuirse leanúnach agus an easpa fuinnimh isteach ormsa, ach ar mo chuid cairde agus mo theaghlach chomh maith. Shíl mé gur deis mhaith a bhí sa phodchraoladh seo na fadhbanna seo a réiteach mar is ceart.”
Le linn na sraithe fiosraíonn sé na himpleachtaí éagsúla dár gcodladh a bhíonn ag rudaí éagsúla ar nós struis, aiste bia, modh maireachtála, dearcthaí cultúrtha agus tuilleadh eile nach iad. Roinneann sé a chuid scéalta pearsanta féin, agus cluineann sé scéalta daoine eile ar féidir leo cuidiú lena chodladh. Le saineolas agus sainléargas óna aíonna, nochtann sé an fhírinne taobh thiar de mhiotais faoin chodladh, agus tugann sé comhairle phraiticiúil don lucht éisteachta. Faigheann sé tuilleadh amach faoi sheanchas an chodlata in Éirinn, agus tugann sé deis mhachnaimh ag deireadh gach eagráin le machnamh suaimhneach don éisteoir.
Arsa Aodhán, “Le linn na sraithe, fuair mé amach gurb é an codladh an eochair dhraíochta le sláinte níos fearr a bheith againn, ach ní minic a thugann muid go leor airde dó. Tá súil agam go gcuideoidh an tsraith seo le daoine titim i ngrá leis an chodladh arís.”
Labhraíonn Aodhán le cuid mhór saineolaithe agus aíonna speisialta le linn na sraithe, ina measc an saineolaí cothúcháin agus tionchaire Kate McDaid, an saineolaí ióga Naoise Ní Bhroin, agus an dearthóir tí Emer Mhic an Fháilí. Foghlaimíonn sé faoi shuantraí a bhuí leis an cheoltóir aitheanta Pádraigín Ní Uallacháin, agus éisteann sé le seanchas faoin chodladh i gcuideachta Dhubháin Uí Longáin.
Is léiriú de chuid Mhacha Media é Codladh Sámh, le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.
Éist le gach eagrán ar Spotify ón 15 Meán Fómhair, agus téigh chuig leathanaigh Mhacha Media ar Instagram agus ar TikTok le tuilleadh a chluinstin faoi na heagráin agus na rannpháirtithe.