‘Céad Míle Fáilte’ ag cur na Gaeilge os comhair phobal nua na hÉireann

Cóilín Duffy

Is tionscnamh nuálach agus fíorspreagúil é Céad Míle Fáilte, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige eispéireas na Gaeilge a thabhairt do phobail nua atá ag cur fúthu in Éirinn. Trí mheascán de ranganna teanga, ceardlanna cultúrtha, scoláireachtaí Gaeltachta agus imeachtaí feasachta, tugtar deis do dhaoine atá ag tosú amach sa tír seo blas a fháil ar theanga agus ar chultúr na hÉireann.

Cuireadh clabhsúr ar an gcéad bhliain oifigiúil den scéim ag deireadh 2024, agus bhí breis agus 300 rannpháirtí páirteach i ranganna ar fud na tíre. Tá an scéim seo uathúil ann féin. Ní bhíonn aon chostas ar na rannpháirtithe agus tugann sí seans do dhaoine dul i ngleic leis an nGaeilge nach mbeadh an deis sin acu go traidisiúnta. I mbliana, tháinig rannpháirtithe ó gach cearn den domhan, ón Úcráin go Meiriceá Theas, ón Nígéir go dtí an Phailistín, rud a léiríonn fíorbhrí an téarma “céad míle fáilte”.

Bhí deis ag An Páipéar cuairt a thabhairt ar cheann de na ranganna i nGaillimh, áit a raibh fás mór tagtha ar an rannpháirtíocht. Bhí atmaisféar bríomhar le sonrú in Áras na nGael, agus go leor daoine ó chúlraí éagsúla ag baint sult as an bhfoghlaim agus as an gcairdeas a eascraíonn uaithi.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.