Cóilín Duffy
Tá an chonspóid idirnáisiúnta faoi lán seoil i ndiaidh ionsaí aeir ag Iosrael i lár chathair Doha, príomhchathair Chatar. Dearbhaíodh go rabhthas ag díriú ar cheannairí Hamas a raibh cónaí orthu sa tír, rud a spreag freagairt láidir ó rialtas Chatar agus ó stáit eile sa réigiún.
Dúirt údaráis Iosrael go raibh a gcuid fórsaí ag iarraidh ceannairí Hamas a bhaint den stáitse polaitiúil agus míleata, mar fhreagra ar ionsaithe roimhe seo in aghaidh a dtíre. De réir ráiteas oifigiúil, ba chuid den “fheachtas leanúnach in aghaidh na sceimhlitheoireachta” an t-ionsaí.
Tuairiscítear gur maraíodh cúigear san ionsaí, ina measc baill de theaghlach Khalil al-Hayya, ceannaire feiceálach de chuid Hamas, agus ball d’fhórsaí slándála Chatar. Tá Hamas tar éis a áitiú, áfach, go bhfuil a gceannairí sinsearacha slán sábháilte, cé gur deineadh damáiste suntasach don áis ina raibh siad ag cruinniú.