Bhí atmaisféar spleodrach ar Pháirc an Bhreatnaigh i gCathair Phort Láirge Dé Sathairn seo caite, nuair a bhain an Rinn craobh iomána idirmheánach 2 Phort Láirge. Tháinig slua mór le tacaíocht a thabhairt don fhoireann Ghaeltachta, agus níor fhág siad folamh. Bhí bratacha na Rinne le feiceáil i ngach áit agus na dathanna glas agus bán ag croitheadh faoin ngrian.
Labhair captaen na foirne, Caolán Mac Craith, le An Páipéar, agus ba léir a thochtmhaire is a bhí sé.
“Is bua mór é seo don pharóiste. Ní hamháin d’imreoirí an lae inniu, ach do gach duine a chaith geansaí na Rinne thar na blianta. Tá an chroíúlacht agus an díograis sin le feiceáil sa bhua seo.”
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!