An tOireachtas ag tacú le 37 imeacht trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir 2025

Tá an tOireachtas ag tacú le 37 imeacht Gaeilge i 17 chontae éagsúla fud fad na tíre ar Oíche Chultúir 2025. Ag filleadh don fhichiú bliain, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine an 19 Meán Fómhair.

Is í an aidhm atá ag an Oireachtas ná freastal ar ghréasáin úsáidte Gaeilge timpeall na tíre trí phacáiste tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí atá lonnaithe taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta chun tacú le himeacht a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir.  

Tá réimse leathan imeachtaí i gceist ar chlár na bliana seo ag áireamh imeachtaí dírithe ar na taibhealaíona teangabhunaithe, damhsa, ceol, na hamharcealaíona, ceardaíocht, litríocht, dioscúrsa, turas, agus oidhreacht agus scannán. Is féidir freastal ar cheardlann amhránaíochta ar an sean-nós i gCorcaigh, a bheith páirteach i malartú teangacha dúchasacha i mBaile Átha Cliath, seal a chaitheamh le scéalaí i gCill Dara, freastal ar oíche oscailte in Áras na nGael i nGaillimh nó triail a bhaint as aithriseoireacht, caint agus ceol i Luimneach! Tá clár spleodrach ar fáil do phobal Gaeilge na tíre i mbliana. 

“Tá an-áthas orainn tacú leis an gclár ilghnéitheach imeachtaí cultúir agus ealaíon trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir na bliana seo,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Is deis uathúil í Oíche Chultúir chun ár n-oidhreacht shaibhir a cheiliúradh, agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár an cheiliúrtha sin. Cinntíonn an tacaíocht a chuireann muid ar fáil go mbeidh imeachtaí den chéad scoth ar fáil do phobal Gaeilge na tíre seo agus go spreagfaidh siad cruthaitheacht agus ceangal níos láidre go háitiúil, go reigiúnach agus go náisiúnta. Guím gach rath ar lucht eagraithe lena gcuid imeachtaí i mbliana.” 


Co. Aontroma

12.30 pm

SEISIÚN CEOIL I gCAIFÉ CEOIL

Buail isteach chuig Caifé Ceoil i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain do sheisiún ceoil a bhuí leis an chláirseoir mór le rá Cíara Ní Tháth, agus a comrádaithe ceoil. Bí linn!

IONAD: Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT15 2GZ

5.30 pm

FAOI DHRAÍOCHT AN tSLÉIBHE DHUIBH

An bhfuil suim agat sa stair agus sa nádúr? Tar linn don imeacht speisialta seo ina nglacfaidh Ciarán Mac Giolla Bhéin, duine de mhuintir na háite agus Cathaoirleach Chumann Laochra Loch Lao, muid thart ar an tSliabh Dhubh. Foghlaimeoidh muid faoin stair a bhaineann leis an tsliabh agus leis an cheantar, faoinar tharla ann i rith na dTrioblóidí, agus faoin tábhacht a bhaineann leis anois inár bpobal féin. Labhróidh Seán Mac Brádaigh, garraíodóir áitiúil, linn maidir leis an nádúr agus na bláthanna dúchasacha ar an tsliabh. Críochnóidh muid an turas in Anam, caifé lán-Ghaeilge suite in Iarthar Bhéal Feirste. Beidh fáilte roimh chách scéalta, filíocht agus ceol a roinnt anseo, cuirfear sólaistí ar fáil, agus beidh ceoltóirí ó Chumann Laochra Loch Lao ag seinm chomh maith.

IONAD: Anam – Caifé na Carraige, 4 Clós na Carraige Báine, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT12 7RJ

Co. Bhaile Átha Cliath

4.30 pm

SEÓ DRAÍOCHTA LE QUENTIN REYNOLDS & CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHT AR AN SEAN-NÓS

Bí linn dár n-imeachtaí draíochtúla agus ceolmhara! Beidh seó draíochta ar siúl do pháistí bunscoile leis an draíodóir iontach Quentin Reynolds. Ansin do gach aoisghrúpa eile, beidh ceardlann amhránaíochta den scoth ar an sean-nós ar siúl ina dhiaidh, agus seans ag gach duine amhrán a rá le chéile. Fáilte roimh chách, idir óg agus aosta! Ná caill é!

IONAD: CLG Naomh Uinsionn, Bóthar Mhullach Íde, Marino, Baile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, D03 YX08

5 pm

ABAIR AMHRÁN LINN

Tugann Gael Linn cuireadh dár leantóirí go léir ceiliúradh a dhéanamh linn ar Oíche Chultúir 2025 – Bí linn i bpríomhoifig Gael Linn i mBaile Átha Cliath nó féach ar an ocáid beo ar suíomh YouTube Gael Linn . Beidh seisiún bhreá amhránaíochta agus ceoil le Clann Uí Chasaidigh idir 5 agus 6 pm

IONAD: Oifig Ghael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, Co. Bhaile Átha Cliath, D02 H797

5.30 pm

TURAS TREORAITHE AR CHAMPAS CHOLÁISTE NA TRÍONÓIDE

Tar ar thuras treoraithe trí Ghaeilge ar champas stairiúil Choláiste na Tríonóide. Faigh léargas ar an ollscoil is sine in Éirinn, ar a hoidhreacht agus ar shaol an mhic léinn sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar trí thuras a mhairfidh thart ar 30 go 40 nóiméad an ceann. Tosóidh siad ón Campanile atá sa Chearnóg Thosaigh. Ní gá áit a chur in áirithe ach a bheith ag an Campanile (pointe tosaithe) ag 5.45, 6.30 agus 7.15 pm. Bí linn!

IONAD: Coláiste na Trionóide, Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2, Co. Bhaile Átha Cliath, D02 PN40

6.30 pm

OÍCHE CHEOIL THRAIDISIÚNTA AG BAILE BUADÁIN LE GAEILGE

Bí linn agus muid ag ceiliúradh ár gcultúr agus ár n-oidhreacht! Beidh Tomás Mac Uileagóid, déantóir cruite, ina aoi speisialta againn agus é ag labhairt faoina cheird. Beidh cur i láthair á thabhairt ag ceathrar imreoirí óga sa chlub: Tomás, Aodán, Mia agus Julianna, ar An Claidheamh Soluis, ar na siombailÍ atá le feiceáil i lógó Bhaile Buadáin Naomh Éanna, agus ar an nasc idir an páipéar, Scoil Éanna agus Pádraig Mac Piarais féin. Beidh ceol againn ó cheoltóirí óga Chraobh Naithí agus ón amhránaí Molly Conway agus beidh Marcella Nic Niallaigh ina Bean an Tí dúinn ar an oíche. Bí linn agus bain taitneamh as oíche lán le craic, cultúr agus ceol!

IONAD: CLG Baile Buadáin Naomh Éanna, Bóthar Theach Giúise, Baile Átha Cliath 16, Co. Bhaile Átha Cliath, D16 A2F8

7 pm

CÉILIÚRADH CLG UÍ DHUIBHIR

Bí linn chun ár dtraidisiúin rince, ceoil, amhránaíochta agus scéalaíochta a cheiliúradh i mBaile Brigín. Beidh fáilte roimh phobal an cheantair teacht le chéile chun ár dtraidisiúin a roinnt lena chéile agus taitneamh a bhaint as an tsiamsaíocht iontach i láthair ar an oíche. Beidh aíonna speisialta againn ó Chomhaltas Chionn tSáille. Fáilte roimh chách!

IONAD: CLG Uí Dhuibhir, Brí Mhór, Baile Brigin, Co. Bhaile Átha Cliath, K32 HC58

7 pm

CÉILÍ DO THEAGHLAIGH

Bí réidh d’oíche rince, lán le craic agus spraoi! Beidh céilí ar siúl do thuismitheoirí agus do pháistí i Halla na bhFianna leis an múinteoir rince, Aedín Ní Mhaoiléidigh. Múinfear rincí céilí leis an slua agus beidh craic agus spórt againn á bhfoghlaim agus á dhéanamh le chéile. Bí linn,idir óg agus aosta, d’oíche shiamsaíochta den scoth do gach aoisghrúpa!

IONAD: CLG Na Fianna, Bóthar Mobhí, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 9, Co. Bhaile Átha Cliath, D09 AY09

7.30 pm

TURAS AR ÁRAS CHRÓNÁIN

Tar ar thuras thart ar ardionad cultúir Bhaile Átha Cliath, Áras Chrónáin. Is teach Seoirseach 1840 agus ceannáras Mhuintir Chrónáin atá san ardionad Gaeilge seo. Tosóidh an oíche le turas treoraithe agus leanfaidh sé ar aghaidh le scoth an rince, le ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus caint agus comhrá as  Gaeilge don imeacht ar fad! Ná caill amach ar an imeacht spleodrach seo!

IONAD: Áras Chrónáin, Lána an Uisce, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Co. Bhaile Átha Cliath, D22 X856

Co. an Chabháin

8 pm

OÍCHE TRADCHEOIL & SNAGCHEOIL

Céilí agus oíche cheoil i mBaile an Chabháin! Comhthaispeántas a bheidh ann, idir cheoltóirí snagcheoil agus thraidisiúnta. Bain taitneamh as ceol, craic, caint agus comhrá.  Cuirfear fáilte roimh chách chuig an ócáid shultmhar seo.

IONAD: Luso, 9B Sráid na hEaglaise, Baile an Chabháin, Co. an Chabháin, H12 C8P7

Co. Cheatharlach

6 pm

MIC OSCAILTE AS GAEILGE

Bí páirteach in Oíche “Mic Oscailte” – Buail Isteach go Caifé Lamberts! Beidh meascán de dhrámaíocht, fhilíocht, véarsaíocht, amhránaíocht, agallaimh bheirte agus tuilleadh. Buail isteach, beidh fáilte mhór romhaibh.

IONAD: Café Lamberts, 16 Sráid Átha Cliath, Baile Ceatharlach, Co. Cheatharlach, R93 X086

Co. Chill Chainnigh

6 pm

CEARDLANN RINCE CHOMHAIMSEARTHA

Bain triail as rince cruthaitheach ag an gceardlann rince seo do dhaoine fásta. Foghlaimeoidh rannpháirtithe cóiréagrafaíocht nua le cleachtadh ballet agus teicníc chomhaimseartha chomh maith le saor-rince. Fáilte roimh chách!

IONAD: Teach Caibidle, Ardeaglais Mhuire, Sráid San Séamus, Gairdíní an Chaisleáin, Cill Chainnigh, R95H1K1

7 pm

DÁNTA DÚCHAIS & DÓCHAIS

Bí linn do Dánta Dúchais agus Dóchais. Inseofar stair agus cúlra d’eachtraí sna hamhráin. Beidh cór ann le tionlacan ó cheoltóirí ar ghiotár, bodhrán agus fheadóg. Beidh daoine eile ón gCiorcal Cainte ag cur dánta i láthair idir iad a léamh agus iad a chanadh. Beidh seans ann don phobal canadh leis an gcór chomh maith ag an ócáid álainn seo – ná caill é!

IONAD: Teach an Rútaigh, 16 Sráid na Parlaiminte, Cill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh, R95 P89C

Co. Chill Dara

5 pm

‘Ó GHLÚIN GO GLÚIN’ – CEILIÚRADH AR AN nGAEILGE & AR AN gCULTÚR GAELACH

Cuirfear tús leis an oíche le hamhráin Ghaeilge á gcanadh ag daltaí scoile ón Nás na Ríogh. Ina dhiaidh, beidh deis ag an bpobal steipeanna damhsa ar an sean-nós a fhoghlaim ón sárdhamhsóir, Nada Ní Chuirrín agus ansin, déanfaidh an t-amhránaí clúiteach, Féilim MacDonncha ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós. Cuirfear focail agus treoir foghraíochta ar fáil do na rannpháirtithe. Ansin, seinnfidh grúpa ceoil traidisiúnta rogha poirt chun clabhsúr a chur leis an oíche álainn seo. Ná caill é!

IONAD: Leabharlann agus Ionad Cultúrtha, An Phríomhshráid Thuaidh, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, W91 E1RT

6 pm

SEAL LE SCÉALAÍ

An bhfuil suim agat sa scéalaíocht? Cuirfidh scríbhneoir cónaithe na roinne, scéalaí aitheanta Dubhán Ó Longáin, faoi agallamh maidir le hoidhreacht na scéalaíochta Gaeilge sula dtabharfaidh sé blaiseadh beag don lucht éisteachta dá chleachtas. Ná caill é!

IONAD: Ollscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 F2H6

Co. an Chláír

9 pm

RITHEADH NA RITHIME TRÍ GHAEILGE

Bain taitneamh as an atmaisféar bríomhar le ceol den scoth agus Gaeilge le cloisteáil ag PreabGhaeltacht i mBeár Uí Chiaráin. Beidh an banna ceoil KRC ag seinm, chomh maith le bannaí eile ar an oíche. Beidh comórtas “Cogadh na mBannaí” trí Ghaeilge a reáchtáil mar phríomhimeacht na hoíche. Beidh an Ghaeilge lárnach ar an oíche idir na hamhráin agus an comhrá, agus beidh fáilte roimh chách, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat!

IONAD: Teach Tabhairne Chiaráin, 1 Sráid San Proinsias, Cluain Ráda Beag, Inis, Co. an Chláir, V95 V96W

Co. Chorcaí

4 pm

MAMAÍ GÉ

Ná caill an dráma dátheangach, idirghníomhach Mamaí Gé atá dírithe ar pháistí óga. Tá Gráinne ina cónaí ar an bhfeirm le Mamaí Gé agus Gobnait an Ghé. Is gé dhraíochta í Gobnait mar go mbeireann sí ar uibheacha órga. Is dlúthchairde iad agus is breá leo a bheith ag canadh agus ag damhsa le chéile. Ach, caithfidh siad a bheith ag faire amach d’Órlaith. Chuala sí faoin ngé speisialta agus tá fonn uirthi í a ghoid!! Bí linn d’imeacht lán le spraoi!

IONAD: Leabharlann Charraig Uí Leighin, Cill na gCléireach, Co. Chorcaí, P43 HA25

4 pm

FÁILTE ‘IS FICHE ’25

An bhfuil suim agat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Beidh ranganna Gaeilge ar fáil d’fhoghlaimeoirí chun bunchloch a thabhairt dóibh sa Ghaeilge labhartha ó 4 go 6 pm. Beidh baill de Charraig ag Caint ag siúl na sráide ag caint le daoine as Gaeilge faoi imeachtaí  Gaeilge sa cheantar idir 6 go 8 pm agus beidh siad ag siúl sa pharáid timpeall 19:00. Bí linn!

IONAD: Ionad Óige Chlub na Leoin, Bóthar na hEaglaise, Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí, P43 FR80

5 pm

CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHTA AR AN SEAN-NÓS

Abair amhrán linn! Ar dtús, beidh deis ag an lucht freastail éisteacht leis an amhrán. Léifear trí na focail ina dhiaidh sin agus beidh beagáinín comhrá ann chun scéal an amhráin a mhíniú!  Déanfar an t-amhrán a fhoghlaim ansin, líne ar líne. Beidh am le haghaidh ceisteanna ina dhiaidh. Déanfar é sin ar fad arís le hamhrán eile, agus canfar an dá amhrán ag an deireadh. Oíche lán le hamhránaíocht agus craic a bheidh ann, ná caill é!

IONAD: Leabharlann Chorcaí, 57-61 Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh, Co. Chorcaí, T12NT99

6 pm

AMHRÁIN NA MARA

Bain taitneamh as turas amhránaíochta “Trasna na dTonnta” le  hAmhráin na Mara. Oíche thaitneamhach a bheidh ann le hamhráin mhara as Gaeilge . Canfaidh Éamonn, Aisling, Aoife agus Arin roinnt amhrán traidisiúnta, chomh maith le roinnt amhrán nuachumtha. Cuirfear na liricí ar fáil ar an oíche. Fáilte roimh chách, amhránaithe agus éisteoirí.

IONAD: Leabharlann Chorcaí, 57-61 Sráid an Chapaill Bhuí, Corcaigh, Co. Chorcaí, T12NT99

Co. Dhoire

7 pm

CEOL ÁR gCLAINNE

An bhfuil suim agat sa stair? Beidh Mary Delargy ag cur síos ar na sloinnte is coitianta i gcathair Dhoire, na sloinnte áitiúla agus iad siúd ‘thar toinn do ránaig chugainn’- cá as ar tháinig siad agus an chiall agus an stair a bhaineann leo. I ndiaidh gach scéil beidh píosa ceoil a bhaineann leis an sloinne á sheinm ag Peter Tracey. Ná caill amach ar oíche lán le stair agus siamsaíocht!

IONAD: An Gaeláras, 37 Sráid Mhór Shéamais, Cathair Dhoire, Co. Dhoire, BT48 7DL 

Co. an Dúin

7 pm

CÉILIÚRADH CULTÚRTHA CHUMANN CHLUAIN DAIMH

Bain taitneamh as ócáid a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol, ar dhamhsa agus ar chultúr an cheantair. Ina measc beidh: grúpaí a ghlac páirt i Scór na nÓg agus i Scór Sinsear chomh maith le Grúpa ceoil ó chumann áitiúil an CCÉ. Is í Aoife Ní Fhearraigh a bheidh ina haoi speisialta don ócáid seo. Bí linn!

IONAD: Clubtheach Chumann Chluain Daimh, 18 Br Chaisleán Uidhlin, Baile Hill, Co. an Dúin, BT34 5UY

7 pm

BRÁITHREACHAS AN GHEANA

Déan comóradh ar Iúr Cinn Trá agus ar Boyle Moody (bás 1799), Preispitéireach a fuair bás tar éis dó seal a chur isteach i mbeairic an Iúir tar éis 1798. Nochtfar plaic i nGaeilge ina onóir ar bhalla 1798 (Sráid Hill), beidh ceol ann le baill de Chór Chaisleán Ruairí ar an tsráid, agus beidh Fergus Whelan, staraí as Baile Átha Cliath, mar aoichainteoir agus é ag labhairt faoin oidhreacht.

IONAD: Gaeláras Mhic Ardghail, Cnocán Phádraig Naofa, 6b Sráid an tSeipéil Uacht, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin, BT34 2DS

9 pm

OÍCHE AIRNEÁIN CHONRADH NA GAEILGE BHOIRCHE ÍOCHTAR

Oíche airneáil d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar cheol an cheantair. Beidh fáilte roimh chách agus beidh aíonna speisialta ann chomh maith. Beidh an ócáid á sruthú beo ar Facebook fosta. Bí linn, i bpearsa nó ar líne!

IONAD:  CLG Áit Tí Chathail, 4 An tSeanbhóthar Gainmheach, Áit Tí Chathail, Iúr Cinn Trá, Co. an Dúin, BT34 4SS

Co. Dhún na nGall

7 pm

OÍCHE CHOMHLUADAIR & CHAIRDIS

Bí páirteach in oíche chomhluadair agus cairdis, arna eagrú ag Glór na gCruach, Baile Dhún na nGall. Beidh rannpháirtithe i láthair ó Chiorcal Airneáin Bhaile Dhún na nGall, Craobh na hIascaigh CCÉ, agus páistí Ghaelscoil na gCeithre Máistrí. Beidh scoth an cheoil, na hamhránaíochta, agus na filíochta le cluinstin. Beidh fearadh na fáilte roimh gach aon duine.

IONAD: Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Páirc an tSrutháin, Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall, F94 T863

7 pm

CEOL SA CHEARNÓG

Bí linn d’oíche cheoil i lár Chearnóg an Mhargaidh i Leitir Ceanainn. Beidh idir cheoltóirí agus amhránaithe againn leis an ghrúpa  ‘Ceoltóirí Canóla’ agus le daoine óga ó ‘Ceol na Coille’. Beidh tae, caife agus greim beag le hithe ar fáil. Tá muid ag súil le scéal na Gaeilge i Leitir Ceanainn a scaipeadh go forleathan. Fáilte roimh chách!

IONAD: Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 YP93

Co. Fhear Manach

4 pm

SPÓRT & SPRAOI LEIS AN CHLUB ÓIGE

Tapaidh an deis do chuid scileanna rince a chur chun cinn! I ndiaidh an tsamhraidh, beidh an club óige ag tosú arís leis an chlár nua do 2025 / 2026.  Beidh deis ag daoine óga na damhsaí a d’fhoghlaim siad ag na coláistí Gaeltachta a chleachtadh arís anseo lena gcuid cairde. Feicfimid ann thú!

IONAD: Teach Fhear Meanach, Plás an Mhóinéir Leathain, Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, BT74 7HR

Co. na Gaillimhe

5.30 pm

LÉACHT: CONAMARA & ÁRAINN FAOIN SAORSTÁT 1924 – 1925: PÓILÍNEACHT, PÓISTÍN & OCRAS

Bain taitneamh as léacht i nGaeilge leis an staraí mór le rá, Cormac Ó Comhraí, ar an nGorta Mór san iarthar i 1925 agus ar bhlianta tosaigh an tSaorstáit i gConamara & in Árainn. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh. Tá clú ar Ó Comhraí agus a shaineolas ar stair na hÉireann i dtús an 20ú haois agus go háirithe ar stair áitiúil i gcathair agus i gContae na Gaillimhe. Ná caill é!

IONAD: Áras na nGael, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe, H91 E1NY

6 pm

ÉIST & BREATHNAIGH

Éist le ceirníní 33 le hamhránaithe ar an Gramophone, ina measc Máire Ní Scolaí, chomh maith le súil a chaitheamh ar chártaí poist ón seansaol as iarthar na hÉireann agus na Gaeltachtaí. Oíche lán d’amhránaíocht agus dea-chomhluadar a bheidh ann!

IONAD: Óstan An Ardilaun, Bóthar Árd, Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe, H91 H29F

6 pm

SIAMSA AN GHEIMHRIDH

Déan ceiliúradh linn ar an leabhar ‘Siamsa an Gheimhridh’! Sa bhliain 1892, rinne Domhnall Ó Fotharta cnuasach amhrán, scéalta, orthaí, paidreacha, seanráite, cluichí agus tomhaiseanna. Tugann an leabhar léargas ar an litríocht bhéil agus ar an gcaitheamh aimsire a bhíodh ar bun in iarthuaisceart Chonamara sa dara leath den 19ú céad. I 2020 rinne Peadar Ó Ceannabháin agus Cló Iar-Chonnacht Siamsa an Gheimhridh a athfhoilsiú tar éis 128 bliain. Fonnadóir den scoth é Peadar Ó Ceannabháin agus in éineacht leis beidh a bheirt iníonacha ceolmhara, Saileog agus Muireann. Tabharfaidh siad léargas dúinn ar an leabhar agus ar an údar agus ceolfaidh siad cuid de na hamhráin atá sa leabhar agus a bhaineann le hiarthar Chonamara ach go háirithe. Bí linn!

IONAD: Amharclann Theach an Stáisúin, an Clochán, Co. na Gaillimhe, H71 AK52

7 pm

CEARDLANN SCEITSEÁLA

Bí páirteach i rang ealaíne leis an ealaíontóir aitheanta Róisín Curé in Ionad Pobail Bhaile an Doirín. Foghlaim conas tarraingt agus dathú ó ghrianghraif. Tabharfaidh sé deis do dhaoine nár thriail tarraingt ó bhí siad ar scoil, páirt a ghlacadh i dtráthnóna spraíúil agus dul i mbun éachtaí ealaíne. Rang taitneamhach agus siamsúil a bheidh ann. Ná caill é!

IONAD: Ionad Pobail Bhaile an Doirín, Bóthar an Chlocha, Baile an Doirín, Co. na Gaillimhe, H91 TC65

7.30 pm

OÍCHE OSCAILTE IN ÁRAS NA nGAEL

Bain taitneamh as an tsiamsaíocht ag oíche oscailte in Áras na nGael agus Club Áras na nGael le ceol agus cultúr i suímh éagsúla san fhoirgneamh. Faigh blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus na Gaeilge, idir dhúchasach agus chomhaimseartha.

IONAD: Áras na nGael, Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe, Co. na Gaillimhe, H91 E1NY

Co. Liatroma

6 pm

LEABHARLANNA NA SCÍTHE

Bí linn le haghaidh turas speisialta de Leabharlanna na Scíthe trí mheán na Gaeilge. Is taispeántas tumtha é Leabharlanna na Scíthe le Ciara Barker a thugann cuireadh do chuairteoirí todhchaí na spásanna agus na gcleachtas suaimhnigh a shamhlú. Ag ‘An Duga’, spreagfar lucht féachana chun machnamh a dhéanamh ar thodhchaí tuairimíochta atá dírithe ar fholláine chomhchoiteann, scartha ó tháirgiúlacht. Ag éascú cruthú acmhainne chomhroinnte smaointe chun rochtain a fháil ar scíth, comhcheanglóidh Leabharlanna na Scíthe suiteáil, súgradh, fuaim agus solas i spás idir ealaín amhairc, timpeallacht tumtha agus teoiric chriticiúil.  Ná caill amach ar an turas cruthaitheach seo!

IONAD: An Dug, Páirceanna an Bhaile, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma, N41T2X2

Co. Luimnigh

6 pm

AITHRISEOIREACHT, CAINT & CEOL

Mol an óige ag Féile Luimnigh agus éist le cúpla babhta scéalaíochta, aithriseoireachta agus dánta á léiriú ag daltaí bunscoile. Is annamh a bhíonn deis acu a scileanna a thaispeáint go hoscailte lasmuigh den scoil. Tabharfaidh seo deis dóibh seasamh os comhair phobal na Gaeilge i Luimneach  agus a gcuid scileanna a chur i láthair gan a bheith buartha faoi chomórtas.

IONAD: Áras Íde, 18 Sráid Thomáis, Cathair Luimnigh, Co. Luimnigh, V94CH29

7.30 pm

STAIR, COMHLUADAR & CEOL

Foghlaim faoi stair na háite, go háirithe Cathair Luimnigh! Beidh comhluadar agus caint againn le sólaistí agus giota beag ceoil chomh maith a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh gan dabht!

IONAD: Halla Íde, 18 Sráid Thomáis, Cathair Luimnigh, Co. Luimnigh, V94CH29

Co. Mhaigh Eo

4 pm

CEOL & CRUTHAITHEACHT

Déanfaidh an Club Ceoil, i gcomhar le Ceol Mhaigh Eo, An Baile Seirbhíse Gaeltachta Maigh Eo agus Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh ceiliúradh ar chruthaitheacht ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí Chontae Mhaigh Eo, a chleachtaíonn na heala íona traidisiúnta i gCo. Mhaigh Eo. Is í an Ghaeilge a labhraítear i gcónaí ag an Chlub Ceoil agus ag na himeachtaí go léir, agus beidh fáilte romhat bualadh isteach agus í a labhairt linn freisin!

IONAD: Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh, Sráid an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, F23AN24

Co. Mhuineacháin

7 pm

CUAIRT NA gCLEAMAIRÍ

Bain taitneamh as Cleamairí Feirste agus iad ar cuairt ar Shráid na Páirce. Is seanchaithe, filí, amhránaithe, ceoltóirí agus Gaeilgeoirí iad na Cleamairí a chuireann cultúr na hÉireann chun cinn. Tosóidh an t-imeacht fíorspeisialta seo le seisiún sráide ar Shráid na Páirce. Ansin inseoidh na Cleamairí scéalta Éireannacha; léifidh siad dánta, ceolfaidh siad amhráin, seinnfidh siad ceol agus beidh céilí mór ann, uile as Gaeilge. Leanfaidh an ócáid ar aghaidh ansin i gCaifé Missy A’s béal dorais, agus beidh sólaistí ann chomh maith le ceol traidisiúnta ó cheoltóirí áitiúla! 

IONAD: Oifig Mhuineachán le Gaeilge, 20 Sráid na Páirce, Baile Mhuineacháin, Co. Mhuineacháin, H18 AH63

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.