
Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, fáilte chroíúil roimh fhoilsiú na tuarascála S2@25: Full Collective Impacts Report, a thugann léargas cuimsitheach ar an obair agus ar an tionchar atá ag na comhlachtaí trasteorann ó bunaíodh iad faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Dúirt sé, “Is cúis bhróid don bhord agus don fhoireann go bhfuil Foras na Gaeilge aitheanta sa cháipéis mar institiúid a bhfuil tionchar mór aici ar fud an oileáin, go háirithe i réimse an phobail. Tugann an tuarascáil aitheantas don ról lárnach atá ag Foras na Gaeilge ag tacú le gréasáin pobail Gaeilge, trí mhaoiniú, comhairle agus acmhainní. Tugann sé aitheantas do ghairmiúlacht agus tiomantas pearsanta na foirne ag cur go mór le forbairt na Gaeilge i measc an phobail agus le cur chun cinn na teanga i réimsí an oideachais, an chultúir agus ar bhonn sóisialta. Is mór ag Foras na Gaeilge an t-aitheantas seo go háirithe ag am nuair atá buiséad na heagraíochta faoin oiread brú is atá. In ainneoin laghduithe móra le níos mó ná deich mbliana ar an mbuiséad atá ar fáil againn le tacú leis an bpobal, léiríonn an tuarascáil seo tionchar na hoibre atá déanta againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin”.
Aithnítear sa tuarascáil an úsáid éifeachtach a bhaineann Foras na Gaeilge as an teicneolaíocht dhigiteach chun acmhainní teanga a chur ar fáil don phobal. Déantar tagairtí don fhorbairt atá déanta ar ardáin ar líne, ar fhoclóirí ar líne, ar aipeanna foghlama agus ar ábhar digiteach, rud a chuireann le rochtain ar an nGaeilge agus a éascaíonn comhoibriú trasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na hoibre ó chian.
Luaitear go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh ‘obair cheannródaíoch’ i réimse na foclóireachta, lena n-áirítear forbairt agus nuashonrú ar fhoclóirí Gaeilge ar líne, acmhainní téarmaíochta agus áiseanna digiteacha don léann teanga. Tá an obair seo ag cur go mór le teagasc agus le foghlaim na teanga sa chóras oideachais agus lena húsáid sa earnáil phoiblí.
Agus í ag fáiltiú roimh fhoilsiú an taighde dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, “Is léiriú soiléir í an tuarascáil seo ar an tionchar dearfach atá ag Foras na Gaeilge mar fhoras trasteorann, agus ar an luach atá ag ár gcuid oibre do phobal na Gaeilge ar fud an oileáin. Táimid tiomanta do leanúint leis an obair seo i spiorad comhoibrithe, spiorad na nuálaíochta agus spiorad na seirbhíse poiblí.”