25,000 Gael amuigh ar na sráideanna ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Cathal Ó Murchú

Tháinig na mílte Gael amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath do mhórshiúl Cearta Dé Sathairn seo caite. Conradh na Gaeilge, Cearta, an Dream Dearg agus páirtithe leasmhara eile ar son na Gaeilge a d’eagraigh an mórshiúl. 

Meastar go raibh breis is 25,000 ag siúl ar son chothrom na Féinne do na Gaeil, meas mar is ceart a thabhairt don Ghaeilge agus dualgais rialtais agus bhunreachtúla a bheith comhlíonta. Tháinig na sluaite ó gach cearn den tír le léirsitheoirí ó gach cúige is ó gach contae i láthair.

Bhí gníomhairí teanga ó eagraíochtaí éagsúla ann, pobal na Gaeltachta scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí Gaeoloideachais (Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta), ceardchumainn agus páirtithe polaitiúla lena n-áirítear Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Páirtí an Lucht Oibre, Éirigí, Pobal Seachas Brabús agus eile, chomh maith leis an iarrthóir uachtaránachta Catherine Connolly. Bhí grúpaí Gaeilge ann cosúil le Conradh na Gaeilge, Misneach, Gael Linn, chomh maith le grúpaí pobail ó na ceantair Ghaeltachta cosúil le BÁNÚ agus neart eile ann.

Bhí ceithre mhóréileamh ag an mórshiúl seo: tithíocht, maoiniú, oideachas agus cearta teanga. Baineann éileamh na tithíochta leis an ngéarchéim sa Ghaeltacht féin sa chaoi go bhfuil an ceantar seo á bhánú. Mar gheall ar AirBnB agus comhlachtaí saoire eile tá cíos sna háiteanna seo tar éis ardú go pointe nach féidir le muintir na háite a íoc chun cónaí ina gceantar féin. Is ar an gceist áirithe seo a bhfuil an eagraíocht Ghaeltachta BÁNÚ dírithe chun dul i ngleic le bánú na Gaeltachta.  

Baineann maoiniú leis an bhfíoreaspa infheistíochta ón dá rialtas ar an dá thaobh den teorainn sa Ghaeilge le níos lú ná 0.1% de chaiteachas an rialtais sa deisceart agus laghdú 45% déanta ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge ó 2011 i leith. Déantar maoiniú ocht n-oiread níos mó ar an gComhairle Ealaíon. Tá lucht an léirsithe ag lorg chothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge agus caiteachas cuí a aimsiú.

I dtaobh an oideachais de, tá laghdú 3% tagtha ar líon na ndaltaí sa Ghaeloideachais, in ainneoin gealltanais rialtais roimhe é seo a mhéadú faoi dhó. Chomh maith leis sin tá 30 nóiméad bainte ó mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh, chomh maith le 50,000 dalta meánscoile (15%) a bhfuil díolúine Ghaeilge acu. Sa tuaisceart tá 60% de Ghaelscoileanna gan maoiniú cuí agus tá laghdú tagtha ar líon na scoláirí ag déanamh staidéar ar an nGaeilge don TGM. Maidir le cearta teanga de, ní chuirtear polasaithe ná dlíthe áirithe i bhfeidhm sa deisceart, an Straitéis 20 Bliain agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar shampla. Sa tuaisceart níor tugadh an tAcht Teanga isteach go fóill.

Ag deireadh an mhórshiúil labhair Eibhlín Ní Bhroin (Oideachas), Rónán Ó hIcí (Oideachas), Adhna Ní Bhraonáin (Tithíocht sa Ghaeltacht), Ciarán Mac Giolla Mhéin (Cearta), agus Heulyn Rees (gníomhaire teanga ón mBreatain Bheag) ar an ardán. Ansin sheinn ceoltóirí mar Bhreanndán Ó Beaglaoich, Niamh Ní Dhubhgháin, Ispíní na hÉireann agus Huartan chun ceol a thabhairt don slua. Beidh le feiceáil cad a eascraíonn ón léirsiú seo, lá amuigh ar na sráideanna nó gluaiseacht nua a ghníomhaíonn ar son dhul chun cinn na Gaeilge.

Grianghrafanna:

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.