Tá meascán ar leith de sheantaithí, de theaghlach agus de ghnó gan chríochnú le brath agus agus Aontroim agus Lú ag ullmhú do chluiche ceannais sóisir uile-Éireann TG4 i bpeil na mban Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh ag 11.45 am.
Do chaptaen Aontroma, Bronagh Devlin, is ócáid speisialta í cheana féin, ach tá níos mó brí fós ag baint leis mar beidh sí ag roinnt na páirce lena deirfiúr Áine Devlin, cúl báire fhoireann Aontroma. “Fiú go díreach ag imirt ansin le comhimreoirí foirne, le comhimreoirí club, le mo dheirfiúr, tá sé speisialta,” a dúirt Bronagh le An Páipéar. “Is cinnte go mbeidh sé an oiread beag sin níos milse más féidir linn é a bhuachan.”
Chríochnaigh Aontroim chun cinn i cluiche leathcheannais drámatúil in aghaidh Shligigh chun an chéim seo a bhaint amach, cluiche a a raibh na comharthaí sóirt go léir aige a bhaineann le peil dhíbeartha. “Bhí sé thuas seal thíos seal,” a d’admhaigh Bronagh. “D’mríomar peil iontach in amanna, agus amanna eile ní raibh sé chomh hálainn, ach choinníomar orainn agus sin a thug thar an líne sinn.”