Scannal íoca gan réiteach fós

Eoin Ó Murchú

Tá scannal na mblocanna lochtacha ar na scannail is mó a ghoill ar an bpobal le blianta beaga anuas, ach, in ainneoin geallúint an rialtais go dtiocfaí chun fóirithinte ar na daoine atá thíos leis mar gheall ar mhíoca a bheith sna blocanna, tá gearáin faoin scéim fóirithinte ag dul i méad.

Ó cuireadh tús leis an scéim tá cúig bliana ó shin, níl ach seacht faoin gcéad a rinne iarratas faoin scéim i ndiaidh leigheas a fháil ar a gcuid tithe, is é sin 220 as 2,870.

Tá cead ag 977 eile tús a chur leis an obair ar a gcuidne tithe.

Cabhraíonn an scéim deontais le húinéirí a dtithe a dheisiú nó a atógáil nuair atá damáiste suntasach ann de bharr pirítr nó míoca sna bloic a úsáideadh chun iad a thógáil.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.