
Grianghraf: An Chomhairle Ealaíon
Fuair an scannánóir ceannródaíoch George Morrison bás Dé Luain seo caite, agus 102 bliain d’aois curtha de aige.
B’as Trá Mhór i bPort Láirge é agus rugadh é ar an 3 Samhain in 1922. D’oibrigh a mháthair mar aisteoir in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath. D’oibrigh a athair mar ainéistéiseach néareolaíoch.
Rinne sé staidéar ar leigheas i gColáiste na Tríonóide ar dtús. D’éirigh sé as an gcúrsa sin agus bheartaigh sé dul le gairm sna healaíona.
Léirigh sé spéis sa ghrianghrafadóireacht in 1934. Chruthaigh sé albam mór grianghraf i rith a shaoil. Bhí grianghraif dubh agus bán agus dhaite san albam seo a bhain le seaniarsmaí, bia, tionscal, ailtireacht, agus tírdhreach.
D’oibrigh sé ar a chéad scannán, Dracula, sa bhliain 1942. Níor críochnaíodh an léiriúchán seo mar gheall ar ghanntanas stoic le linn an chogaidh.
Chuir sé Micheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards, bunaitheoirí Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath, in aithne dá chéile. Ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag obair ar scannáin faisnéise i gcomhar le fiontair scannánaíochta Amharclann an Gheata mar stiúrthóir cúnta agus eagarthóir.
Bhí sé ar Chomhairle Dearthóirí na hÉireann. Ba bhall bunaithe agus leasuachtarán é ar an gcéad chomhdháil den Bhiúró Idirnáisiúnta um Thaighde Staire Cineamatagrafaíochta, Páras, in 1957.
Is é an saothar is cáiliúla leis Mise Éire a eisíodh in 1959. Tháinig an scannán seo ag an am a raibh spéis as an nua i gcultúr agus i bhféiniúlacht na hÉireann agus taispeánadh é den chéad uair ag Féile Scannán Chorcaí.
Ba é an scannán faisnéise seo an chéad scannán lánfhada a léirigh Gael Linn. Is é Seán Ó Riada a chum an ceol don scannán.
Tugann an scannán ómós do dhán Phádraig Mac Piarais a bhfuil an teideal céanna air. Cuireann an scannán seo i láthair stair ceann de na tréimhsí is suaití in Éirinn, le hÉirí Amach 1916 agus bua Shinn Féin i dtoghchán in 1918 le feiceáil sa radharc deiridh.
Bháin an scannán úsáid as nuachtáin agus nuachtscannáin ón tréimhse idir deireadh an naoú haois déag agus 1918. Saothar mionchúiseach ba ea obair Morrison ar Mise Éire, ag aithint, ag tarrtháil agus ag athchóiriú níos mó ná 300,000 troigh de nuachtscannáin agus píosaí scannáin eile.
Dúirt Morrison gur íocadh £375 leis as a chuid oibre ar Mise Éire agus ní bhfuair sé aon dleachtanna eile.
D’eisigh Morrison scannán faisnéise leantach dar teideal Saoirse bunaithe ar an gCogadh Cathartha. D’eisigh sé an tríú scannán faisnéise stairiúil dó dar teideal Rebellion in 1963. I measc na saothar níos déanaí uaidh bhí scannán muirí Two Thousand Miles of Peril (1972) agus scannán faisnéise ar Ulysses le James Joyce, Dublin Day (2007).
Rinneadh scannán faisnéise ar Morrison in 2008 dar teideal Waiting for the Light faoina shlí bheatha.
Fuair sé an gradam ar son Cion Saoil an Tionscail ag Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann in 2009.
Bhronn an tUachtarán Micheál D Ó hUigín an gradam is airde i saol na n-ealaíon in Éirinn, an teideal Saoi Aosdána, ar Morrison in 2017. Bronnadh siombail oifige an tSaoi air, torc óir.
Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigín gur scannánóir é Morrison a raibh ceardaíocht agus scil den scoth aige, gur cartlannaí, scríbhneoir, grianghrafadóir agus, thar aon rud eile, ceannródaí agus nuálaí mór é. Dúirt sé chomh maith go raibh an méid a bhí déanta aige d’ealaín agus do do scannánaíocht na hÉireann as cuimse.
Fuair a bhean chéile Janet Morrison bás roimhe in 2019, agus a chéad bhean chéile Theodora Fitzgibbon in 1991.
D’eagraigh Conor D McGuinness TD, Sinn Féin, ócáid i dTrá Mhór chun Morrison a cheiliúradh anuraidh. Nuair a chuala sé faoina bhás, dúirt an Teachta McGuinness gur fathach de chultúr na hÉireann é agus gur thug sé guth dár stair trí Mise Éire agus tuilleadh nach é.