Réaltaí spóirt agus siamsaíochta le teacht le chéile ar son Chumann Ailse na hÉireann i gCeatharlach 

Cóilín Duffy

Beidh réaltaí móra spóirt agus siamsaíochta ag teacht le chéile arís Dé Luain seo chugainn an 18 Lúnasa i bPáirc Uí Chuilinn Netwatch i gCeatharlach ag 7.30 pm don ócáid cháiliúil charthanach “Hurling for Cancer Research”, i gcomhpháirt le Centra agus Cumann Ailse na hÉireann.

I measc na n-aíonna ar chlár 2025 tá an t-iariománaí clúiteach Anthony Daly agus iarimreoir sacair na hÉireann Stephen Hunt. Craolfar an cluiche beo ar TG4 agus ar sheinnteoir TG4, ag tabhairt deis do lucht féachana ar fud na tíre páirt a ghlacadh san atmaisféar speisialta.

Bhí tóir mhór ar an imeacht ar TG4 anuraidh, nuair a shroich lucht féachana beo buaicphointe 219,000. I mbliana tá gealladh faoin ócáid go mbeidh sí chomh siamsúil céanna, le foireann lán d’ainmneacha móra ó réimse leathan spórt.

Beidh imreoirí ó fhoirne Chorcaí agus Thiobraid Árann, a bhí le feiceáil i gcluiche ceannais iomána na hÉireann i mbliana, i láthair, mar aon le réalta Chiarraí Paudie Clifford, laoch Chill Chainnigh TJ Reid, réalta Loch Garman Lee Chin, na deartháireacha Morrissey ó Luimneach, agus imreoirí mór le rá Bhaile Átha Cliath Con O’Callaghan agus Chris Crummey. Ní bheidh an spórt teoranta don iománaíocht amháin, leis an marcach Paul Townend agus an traenálaí capall rásaíochta Willie Mullins ag glacadh róil mar réiteoirí in éineacht le Niall Quinn agus Bernard Dunne.

Sheol Jim Bolger agus Davy Russell “Hurling for Cancer Research” den chéad uair in 2012, tar éis do Jim dúshlán a thabhairt do Davy agus a chomhghleacaithe cluiche iomána a imirt chun airgead a bhailiú do thaighde ar ailse. Tá an ócáid anois ina imeacht lárnach i bhféilire spóirt na hÉireann, ag mealladh lúthchleasaithe, daoine cáiliúla agus lucht tacaíochta ó gach cearn.

Ó shin i leith, tá beagnach €1.7 milliún bailithe ag an ócáid seo, rud a chuidíonn leis an infheistíocht iomlán €30 milliún ó Chumann Ailse na hÉireann i dtrialacha cliniciúla ceannródaíocha agus staidéir thaighde ar ailse. Bíonn breis agus 100 taighdeoir ailse á maoiniú gach bliain, a bhuí le tacaíocht ó imeachtaí mar seo.

Tá ticéid ar fáil ó Ticketmaster, agus is féidir tabhartas a thabhairt trí https://www.idonate.ie/p/event/HurlingForCancerresearch

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.