Rás na huachtaránachta oscailte arís

Eoin Ó Murchú

Tháinig tarraingt siar Mairéad McGuinness mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta aniar aduaidh ar an saol polaitiúil agus iriseoireachta. Bhí sí á lua ag na meáin mhóra mar dhuine a raibh buntáiste aici sa toghchán, ach anois, cé go bhfuil roinnt ainmneacha á bplé, níl ach iarrthóir amháin ainmnithe go hoifigiúil,  sin í an teachta neamhspleách Catherine Connolly.

Catherine Connollly: An t-aon iarrthóir

Ar an toirt beagnach thosaigh scéalta sna meáin ag cáineadh dhearcadh Connolly ar chúrsaí idirnáisiúnta, ina measc ceannlíne scannalach in The Irish Times ag tagairt dá cáineadh ar Mheiriceá agus ar an Ríocht Aontaithe gan comhthéacs ar bith a lua.

Tugadh le fios, freisin, nár sheas sí le fórsaí cosanta na tíre seo, cé gur leag sí an-bhéim ar buanna Óglaigh na hÉireann in óráid sa Dáil inar chosain sí neodrach agus a chuir sí i gcoinne an iarracht deireadh a chur leis an nglas triarach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.